KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Ceol san aer le Music Generation Cill Chainnigh

(Dé Luain 19 Meitheamh, 2023) – Bhí ceol san aer thart ar Chill Chainnigh le dhá sheachtain anuas mar gheall ar na ceardlanna agus na himeachtaí a bhí á reáchtáil ag Music Generation Cill Chainnigh mar chuid dá chlár samhraidh 2023.

 

Reáchtáladh imeacht ceoil saor in aisce, Torainn an tSamhraidh, i nGairdín Theach de Buitléir ar 10 Meitheamh i gcomhar le hIontaobhas Cathartha Chill Chainnigh. Chan ceoltóirí óga cumasacha ó Music Generation Cill Chainnigh amhráin agus sheinn siad ar an ngiotár agus ar dhrumaí.

Rannpháirtithe i léiriú Music Generation Chill Chainnigh “Sounds of Summer” ag Butler House Garden

 

Reáchtáladh freisin trí cheardlann do Chruinniú na nÓg, lá ina raibh gníomhaíochtaí cruthaitheacha a bhí saor in aisce do pháistí á mhaoiniú ag an glcár Éire Ildánach. Ar dtús, bhí Song Trail, ceardlann amhránaíochta agus preabthionscadal taibhithe do pháistí idir 8 and 12 bliain d’aois. Bhí an cheardlann ar siúl i Halla na Mainistreach tráthnóna Dé Sathairn agus ina dhiaidh sin bhí preabsheisiúin in Iarsmalann an Mhíle Mheánaoisigh, i dTeach Rothe agus in Ionad Siopadóireachta Chrois an Mhargaidh. Tugadh cuireadh do thuismitheoirí agus don phobal páirt a ghlacadh san amhránaíocht. Bhí ceardlann cheoil do naíonáin agus do lapadáin freisin in Ionad na nGasóg, Bóthar Dhroichead Binéid, Cill Chainnigh ina raibh amhránaíocht, gluaiseacht agus gníomhaíochtaí d’uirlisí ceoil

 

Reáchtáladh ceolchoirm eile Torainn an tSamhraidh Dé Sathairn (17 Meitheamh) ag 11.30 i nGairdín Theach de Buitléir ina raibh páistí ó cheithre bhunscoil i gCill Chainnigh ag seinm an veidhlín. Is cuid den Chlár do Théaduirlisí do Bhunscoileanna de chuid Music Generation Chill Chainnigh é seo. Rinne os cionn 50 veidhleadóir ó Thionscadal Scoile Chill Chainnigh, Scoil Naomh Fiachra Cluain Tiobraide, Bunscoil Naomh Chiaráin, Baile Eoin agus Scoil Bhríde, Baile Phóil, neamhshuim den bháisteach agus sheinn siad go hálainn i nGairdín Theach de Buitléir faoi stiúr Carl Rochford ó Music Generation Cill Chainnigh

Daltaí bunscoile Chill Chainnigh ag casadh sa Music Generation Kilkenny “Fuaimeanna an tSamhraidh” i nGairdín Theach an Bhuitléaraigh Dé Sathairn seo caite (17 Meitheamh)

 

Sa phictiúr tá díograiseoir óg ag ceardlann leanaí agus lapadáin Music Generation Kilkenny ag Gasóga Den Kilkenny

Ag labhairt di faoin gclár samhraidh, dúirt Oifigeach Forbartha Music Generation Cill Chainnigh, Sinéad Blanchfield, “Tá áthas orainn go bhfuil na ceardlanna agus na deiseanna seo forbartha againn do pháistí agus do dhaoine óga i gCill Chainnigh le haghaidh Torainn an tSamhraidh. Is í an aidhm ná rochtain a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga ar an gceol agus ar rudaí a chuireann gliondar orthu.”

 

Le linn mhí an Mheithimh, beidh Drumadóirí an tSamhraidh á óstáil ag Music Generation Cill Chainnigh i 15 bunscoil i gCill Chainnigh. Beidh na ceardlanna ar siúl i gclóis shúgartha na scoileanna. Glacfaidh na páistí go léir páirt, ó naíonáin shóisearacha go dtí rang a sé, agus beidh dhá fhoireann drumadóirí samba ina mbun.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Music Generation Chill Chainnigh, cuir ríomhphost chuig musicgenerationkilkenny@kcetb.ie Teachtaireacht Facebook: @musicgenerationkilkenny nó cuir glaoch ar 087 1765493.

Rannpháirtithe sa Song Trail léirithe ag Teach Rothe, Cill Chainnigh.

 

Is cuid de Music Generation é Music Generation Cill Chainnigh, clár ceoil náisiúnta na hÉireann. Is é An Líonra Ceoil a chuir tús leis agus tá sé á maoiniú ag U2, Cistí Éireann, An Roinn Oideachais agus Comhpháirtíochtaí Áitiúila sa Cheoloideachas. Go háitiúil, is é BOOCCC atá i gceannas ar Music Generation Cill Chainnigh i gcomhar le Comhairle Contae Chill Chainnigh. Is í aidhm an chláir ná beatha pháistí agus dhaoine óga faoi bhun 18 a athrú ó bhonn trí rochtain a éascú ar cheoloideachas atá ar ardchaighdeán, ar phraghas réasúnta agus atá ar fáil go háitiúil

 

 

 

Teideal na príomhíomhá: Sa phictiúr tá ceoltóirí Music Generation Chill Chainnigh ag an léiriú “Sounds of Summer” ag Butler House Garden. Sa phictiúr freisin ó chlé: Sinead Blanchfield, Oifigeach Forbartha Music Generation Chill Chainnigh; Cathaoirleach Co Chill Chainnigh, an Comhairleoir Pat Fitzpatrick agus Príomhfheidhmeannach Iontaobhas Cathartha Chill Chainnigh Ciaran Conroy

 

Léim ar ábhar