KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Feidhmeanna oifige óige

  • Maoiniú bliantúil a riar do thionscadail agus seirbhísí obair óige UBU thar ceann na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige (DCEIDY).
  • An Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla a riar, agus scéimeanna eile dá leithéid, a chuireann deontais bheaga ar fáil do ghrúpaí óige faoi stiúir oibrithe deonacha.
  • Iarratais ar dheontais ó eagraíochtaí maoinithe agus ó chlubanna óige deonacha a athbhreithniú, a mheas agus a phróiseáil.
  • Tuairisciú don DCEIDY ar thionscadail agus ar sheirbhísí arna maoiniú trí BOOCCC, lena n-áirítear tuarascálacha bliantúla bailíochtaithe agus iarratais ar mhaoiniú.
  • Oibriú i gcomhar le seirbhísí óige áitiúla chun freastal ar riachtanais daoine óga, idir 10-24 bliana d’aois i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach.
  • Riachtanais na ndaoine óga, agus na réimsí tosaíochta agus na spriocghrúpaí daoine óga, a shainaithint agus fianaise a thabhairt orthu, a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu trí phróifíl ceantair DCEDIY, measúnú riachtanas agus uirlis riachtanas seirbhíse.
  • Deiseanna oiliúna, tacaíochta agus forbartha a sholáthar don fhoireann agus d’oibrithe deonacha san earnáil.
  • Tionchar dearfach na hoibre óige ar shaol na ndaoine óga a chur chun cinn.
  • Cur le forbairt na hoibre óige ar leibhéal náisiúnta trí oibriú le Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ), an DCEDIY agus comhlachtaí eile.
  • Tacú le hinbhuanaitheacht na hoibre óige trí thacú le hacmhainní cuí chun freastal ar riachtanais daoine óga.
Léim ar ábhar