Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail

Is mórstráitéis choisctheach príomhshrutha í an Scéim Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL) do dhaltaí atá i mbaol gan a gcumas a bhaint amach sa chóras oideachais mar gheall ar shaintréithe cúlra a mbíonn tionchar diúltach acu ar ghnóthachtáil daltaí agus ar choinneáil scoile. Díríonn an scéim go díreach ar na daoine fásta suntasacha i saol oideachasúil leanaí agus buntáistí díreacha á lorg ag na leanaí féin.

Is é bunpholasaí na scéime ná ceann a fhéachann le comhpháirtíocht a chothú idir tuismitheoirí agus múinteoirí. Is é cuspóir na comhpháirtíochta seo ná deiseanna foghlama na ndaltaí a fheabhsú agus a gcoimeád sa chóras oideachais a chur chun cinn. Ina theannta sin, cuireann an Scéim HSCL béim mhór ar chomhoibriú leis an bpobal áitiúil. Is í an Scéim HSCL ceannródaí maidir le rannpháirtíocht na scoile i saol an phobail agus rannpháirtíocht an phobail agus a cuid gníomhaireachtaí i saol na scoile.

Comhordaitheoirí HSCL:

Léim ar ábhar