KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Scoileanna

Éiteas Scoile BOO

Cuireann scoileanna BOO comhdheiseanna ar fáil do gach dalta sna pobail ar a bhfreastalaíonn siad agus déanann siad a ndícheall oideachas ardchaighdeáin a sholáthar trí thimpeallachtaí foghlama atá measúil, dearfach, tacúil agus freagrúil.

Bunscoileanna

Is Scoileanna Náisiúnta Pobail aitheanta iad bunscoileanna BOO. Is scoileanna leanbhlárnach, ilsainchreidmheacha, atá cuntasach go poiblí iad Scoileanna Náisiúnta Pobail (SNP) a dhéanann iarracht oideachas den chéad scoth a sholáthar do gach leanbh.

Iar-Bhunscoileanna

Soláthraíonn BOOCCC seirbhísí oideachais lánaimseartha i 13 iar-bhunscoil. Tá sé mar aidhm ag oideachas dara leibhéil timpeallacht foghlama iomlánaíoch agus ardchaighdeáin a sholáthar a ullmhaíonn daltaí aonair don ardoideachais/breisoideachas nó d'iontráil láithreach san ionad oibre, chomh maith le cuid de na scileanna riachtanacha a thabhairt dóibh le bheith ina saoránaigh ghníomhacha, fhreagracha.

Scéim Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL)

Is mórstráitéis choisctheach príomhshrutha í an Scéim Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL) do dhaltaí atá i mbaol gan a gcumas a bhaint amach laistigh den chóras oideachais mar gheall ar cheisteanna a chuireann isteach ar ghnóthachtáil daltaí agus ar choinneáil scoile.

Críochnú Scoile (SCP)

Tá sé mar aidhm ag an gClár Críochnaithe Scoile (SCP) líon na leanaí agus na ndaoine óga a fhanann san oideachas bunscoile agus dara leibhéil a mhéadú agus, é sin a dhéanamh, líon na ndaltaí a n-éiríonn leo a sraith sinsearach, nó a gcomhionann, a chur i gcrích.

Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO)

Tá BOOCCC tiomanta do na ndaltaí go léir a fheiceáil ag baint lánacmhainneachta amach. Soláthraíonn an contanam tacaíochta creatlach do scoileanna le cur ar a gcumas riachtanais na ndaltaí a aithint agus bhfhreagairt dóibh ar bhealach solúbtha. Tacaítear leis an bpróiseas seo freisin trí rannpháirtíocht le gairmithe seachtracha de réir mar is gá.

Éiteas Scoile BOO

Is scoileanna stáit, comhoideachais, ilshainchreidmheacha iad scoileanna BOO agus tá cúig chroíluach mar bhonn agus thaca acu: feabhas san oideachas; cúram ; comhionannas ; pobal ; meas.

Is iad na BOOanna na soláthraithe oideachais il-sainchreidmhigh is mó in Éirinn agus tá cáil orthu as oideachas cuimsitheach, nuálaíoch, ardcháilíochta a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail ar fad.

Cuireann scoileanna BOO deiseanna comhionanna ar fáil dá gcuid daltaí agus déanann siad a ndícheall oideachas ardchaighdeáin a sholáthar trí thimpeallachtaí foghlama atá measúil, dearfach, tacúil agus freagrúil. 

Féach ar Fhíseán Creat na bPátrúin ar Éiteas

Baineann ár scoileanna tairbhe mhór as an raon leathan tacaíochtaí agus seirbhísí a sholáthraíonn BOOCCC. 

Soláthraíonn BOOanna tacaí rialachais, oideachais, riaracháin, airgeadais, acmhainní daonna agus teicneolaíochta faisnéise (TF) do scoileanna. Bíonn tionchar díreach aige seo ar na daltaí agus na teaghlaigh a fhreastalaíonn ar na scoileanna seo, toisc go gceadaíonn sé do cheannaireacht scoile díriú ar an bpríomhthasc atá aici teagasc agus foghlaim a threorú, ag cinntiú an caighdeán is airde feabhais. Trína gcláir oideachais aosaigh, is féidir le BOOanna seirbhís luachmhar a sholáthar do thuismitheoirí na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna BOO.  

Cén taithí a bheidh ag mo leanbh ar scoil BOO?

Déanann scoileanna BOO a ndícheall comhdheiseanna a sholáthar do gach mac léinn chun dul i ngleic leis an gcuraclam agus le saol na scoile. I ngach gné de shaol na scoile, caitear go cothrom le gach ball dár bpobal scoile beag beann ar chine, inscne, reiligiún/creideamh, aois, stádas teaghlaigh, stádas sibhialta, ballraíocht den Lucht Siúil, claonadh gnéis, cumas nó stádas socheacnamaíoch.  

Soláthraíonn ár scoileanna timpeallacht shábháilte fhisiciúil agus shóisialta a threisíonn braistint muintearas, le pobal na scoile agus leis an tsochaí i gcoitinne. Féachann siad le cur ar chumas gach scoláire a lánacmhainneacht a bhaint amach beag beann ar aon ghné dá bhféiniúlacht nó dá chúlra. Cuireann ár scoileanna oideachas uilechuimsitheach chun cinn a aithníonn iolrachas na féiniúlachtaí, na gcreideamh agus na luachanna atá ag daltaí, ag tuismitheoirí agus ag an bhfoireann.

Léim ar ábhar