KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Nuachtlitir Bhliantúil BOOCCC 2023

Tá Nuachtlitir Bhliantúil 2023 foilsithe ag BOOCCC ina bhfuil cur síos ar ghníomhartha na bliana ina chuid scoileanna, a chuid ionad agus sna hoifigí.

 

Déanann an nuachtlitir cur síos ar bhliain a bhí lán d’imeachtaí ar nós cluichí spóirt, ceolchoirmeacha, drámaí, searmanais bhronnta, laethanta oscailte agus imeachtaí d’fhoghlaimeoirí, bliain ina rabhthas ábalta filleadh ar deireadh chuig an gcaoi ina mbíodh rudaí.

 

Tá tuairiscí ann faoi Sheachtain Tosaigh BOO - ag deireadh na seachtaine sin bhí Lá BOO – agus seoladh Creat Eitice na bPátrún mar aon le Ráitéis Straitéise BOOCCC 2022-2026. Tugadh isteach Dámhachtain Sainchuspóireach ag Leibhéal 3 ar an Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann maidir le Foghlaim conas Tacú le Páistí Bunscoile. Lena chois sin, cuireadh taibhiú ar siúl don Uachtarán Joe Biden nuair a bhí sé ar cuairt stáit in Éirinn.

 

Agus í ag labhairt faoi Nuachtlitir Bhliantúil BOOCCCC 2023, dúirt an Príomhfheidhmeannach Eileen Curtis, “Cuireann sí i gcuimhne dúinn an méid atá bainte amach againn mar eagraíocht agus an raison d’être atá againn,i.e. gur eagraíocht foghlama muid agus creidimid go diongbháilte go bhfuil an chumhacht ag an oideachas beatha daoine a athrú agus pobail a thógáil”.

 

“Éireoidh go breá le BOOCCC de réir mar a chuirimid le líon na mac léinn, lenár seirbhísí, lenár bhfoirgnimh agus lenár n-áiseanna scoile. Beimid ag cur deiseanna nua chun cinn ar nós Coláiste Breisoideachais na Todhchaí, Chill Chainnigh”, a dúirt sí chomh maith.

 

Cliceáil anseo chun an nuachtlitir a léamh Nuachtlitir Bhliantúil BOOCCC 2023

Léim ar ábhar