KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Scoláireachtaí buaite ag beirt cheoltóirí cumasacha ó Generation Ceatharlach chun dul chuig campa ceoil i SAM

Tá an deis faighte ag beirt cheoltóirí cumasacha a fhreastalaíonn ar Music Generation Ceatharlach, ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Campa Ceoil Idirnáisiúnta mor le rá i SAM. Is deis é seo nach dtarlóidh ach uair amháin sa saol.

 

Beidh Kate O’Brien (17), ó bhaile Cheatharlach, agus Eamonn O’Connor (15), ó An Tulach, ag taisteal go dtí Dakota Thuaidh ar 25 Meitheamh chun páirt a ghlacadh i gcampa a mhairfidh dhá sheachtain. Beidh scoláireachtaí iomlána acu agus ní bheidh aon Éireannaigh eile ar an gclár.

 

Seineann an bheirt acu an clairinéad agus d’fhreastail siad ar Choláiste Ceoil Cheatharlach. Is baill iad de BoomBrasstic, ensemble práis, gaothuirlisí agus cnaguirlisí de chuid Music Generation

 

Chuir Gavin Barr, Oifigeach Forbartha Ceoil do Music Generation Ceatharlach, na hiarratais ar scoláireachtaí isteach thar ceann Kate agus Eamonn, agus rinne sé iarratas freisin ar mhaoiniú ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Cheatharlach ionas go mbeidís ábalta freastail ar an gcampa

 

Bhí áthas an domhain air nuair a chuala sé gur roghnaíodh Kate agus Eamonn don chlár – agus gurb iad na haon Éireannaigh amháin a bheidh ag freastail ar an gCampa Ceoil Idirnáisiúnta

 

“Tá sceitimíní ar gach duine i Music Generation Ceatharlach gur roghnaíodh Kate agus Eamonn. Bainfidh siad an-sult as an deis seo agus ní dhéanfaidh siad dearmad go deo air. Beidh siad ábalta ceol agus cairdeas a dhéanamh le ceoltóirí cumasacha eile o gach cearn den domhan. Is ionadaithe iontacha iad Kate agus Eamonn do Chontae Ceatharlach agus d’Éirinn. Tá súil agam go mbeidh am iontach acu i Dakota Thuaidh agus iad ag déanamh ionadaíocht don tír”, a dúirt Gavin Barr.

 

Dúirt Ana Lopes ó Music Generation Ceatharlach: “Beidh an deis ag Kate agus Eamonn ceol a chasadh i ngrúpaí móra, i ngrúpaí beaga agus beidh ranganna duine le duine acu le ceoltóirí gairmiúla. Is iontach an deis foghlama dóibh é seo.”

 

Dúirt Eileen Curtis, príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) a oibríonn Music Generation Ceatharlach, “Tá lúcháir orainn go bhfuil an deis seo faighte ag Kate agus Eamonn dul go dtí an Campa Ceoil Idirnáisiúnta seo i Dakota Thuaidh chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a scileanna ceoil. Cinnte go ndénafaidh siad muintearas don saol le ceoltóirí eile. Gabhaimid buíochas le Gavin Barr as na hiarratais seo a chur isteach thar ceann Kate agus Eamonn. Ní dhéanfaidh siad dearmad go deo ar an am seo”.

 

Is cuid de Music Generation é Music Generation Ceatharlach, clár ceoil náisiúnta na hÉireann. Is é An Líonra Ceoil a chuir tús leis agus tá sé á maoiniú ag U2, Cistí Éireann, An Roinn Oideachais agus Comhpháirtíochtaí Áitiúila sa Cheoloideachas. Go háitiúil, is é BOOCCC atá i gceannas ar Music Generation Cill Chainnigh i gcomhar le Comhairle Contae Cheatharlach. Is í aidhm an chláir ná beatha pháistí agus dhaoine óga faoi bhun 18 a athrú ó bhonn trí rochtain a éascú ar cheoloideachas atá ar ardchaighdeán, ar phraghas réasúnta agus atá ar fáil go háitiúil.

 

Teideal: Roimh dóibh dul ar an scoláireacht cheoil chuig SAM, Kate O’Brien (17), ó bhaile Cheatharlach (an tríú duine ón taobh clé), agus Eamonn O’Connor (15), as An Tulach (tríú ón taobh clé) le chéile le (clé-deas) Sinead Dowling, Oifigeach Ealaíon Cheatharlach; Monica O’Connor, máthair an cheoltóra Eamonn; Aoife O’Brien, máthair Kate; Gavin Barr, Oifigeach Forbartha Ceoil do Music Generation Ceatharlach; Majella Swan, Stiúrthóir Choláiste Ceoil Cheatharlach agus Eileen Curtis, Príomhfheidhmeannach, Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach.

Léim ar ábhar