KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Bronntar gradaim acadúla agus pearsanta ar fhoghlaimeoirí Ógtheagmháil Chill Chainnigh

(Dé Máirt 6 Meitheamh, 2023) – Reáchtáil Ógtheagmháil Chill Chainnigh a shearmanas deireadh bliana an tseachtain seo caite i ngairdíní Theach de Buitléir, cúlra álainn don imeacht tábhachtach seo inar bronnadh gradaim acadúla agus pearsanta ar fhoghlaimeoirí chomh maith le gradaim chun gníomhaíochtaí deonacha a cheiliúradh.

 

Is clár oideachais lánaimseartha é Ógtheagmháil Chill Chainnigh a thugann an dara seans do luathfhágálaithe scoile idir 15 agus 20 bliain d’aois. Tá sé á oibriú agus á bhainistiú ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC), agus cuireann sé deiseanna ar fáil do dhaoine óga, cáilíochtaí Ardteistiméireachta a bhaint amach i dtimpeallacht nach scoil í, agus scileanna sóisialta agus pearsanta a fhorbairt i dtimpeallacht atá sábháilte agus a thacaíonn leo. Is iomaí foghlaimeoir a théann ar aghaidh go dtí an breisoideachas agus an oiliúint, agus/nó go dtí an fhostaíocht

 

Sa leabhrán baint amach céime, bhí an sliocht seo le léamh “Amárach beidh an dara seans agat chun a chruthú go bhfuil tú níos fearr ná inniu agus inné” agus ba théamaí móra iad an ceiliúradh agus an bród maidir le deacrachtaí a shárú. Bhí óráidí agus dánta iontacha le cloisteáil ó na mic léinn agus ó na ceoltóirí Terry agus Melanie Byrne, agus Conor O’Grady

Dámhachtainí Ógtheagmhála Chill Chainnigh ag Teach Butler Cathair Chill Chainnigh, Ina suí ó chlé: Rachel Kelly, Gradam Pinnacle; Amber Ryan, Oibrí Adhmadóireachta na Bliana; Oisin Phelan, duais Mac Léinn na Bliana; Sophie Henderson, Ealaíontóir na Bliana. Ar chúl ó chlé, John O’Neill, Oifigeach Oideachais Aosaigh KCETB; Caleb Cosgrave, Gradam an Tinrimh is Fearr; Jack Lanagan Walsh, Pearsa Spóirt na Bliana; Terry Byrne, School Spirit Award, Stephen Dunphy, Endeavour Award agus Michelle Murphy, Comhordaitheoir Ógtheagmhála Chill Chainnigh

 

Ina horáid bainte amach céime, dúirt Rachel Kelly, “Ní raibh an scoil róthábhachtach riamh domsa ná d’aon duine anseo. Bhí deacrachtaí againn go léir leis an scoil ach fuaireamar tacaíocht agus cabhair anseo san ionad Ógtheagmhála Chill Chainnigh. Bhí crácamas i gceist leis an nóiméad seo. Ní hí seo an ghnáththaithí scoile a bhíonn ag páiste atá trí bliana déag d’aois ach ní iarfainn a mhalairt. Tá sé bainte amach agam! Is féidir liom a rá go hoifigiúil go bhfuil sé bainte amach agam”.

 

Labhair Óisin Phelan, ar ar bronnadh Mic Léinn na Bliana, go deisbhéalach sular tugadh amach na duaiseanna. Dúirt sé, “Bhí an dá bhliain a chaitheamar anseo le hÓgtheagmháil Chill Chainnigh ar fheabhas! Go raibh mile maith agaibh, a mhúinteoirí, as an gcabhair agus an tacaíocht go léir a chuir sibh ar fáil le dhá bhliain anuas. Ní fhéadfaimis é seo a dhéanamh gan an chabhair sin. Amanta bhí muid thíos seal agus thuas seal, ach táimid ina theaghlach anseo ag Ógtheagmháil. Tá níos mó muiníne agam, is maith liom a bheith ag caint le daoine anois, agus táim réidh don chéad chéim eile i mo shaol”.

 

D'aithris Caleb Cosgrave Butler dán a chum sé don ócáid dar teideal Not Goodbye, But See Ya Around, ina ndúirt sé,

“ In Youthreach we learned and grew,

gained knowledge and skills anew,

Memories made, friendships tight,

our futures are now shining bright.”

 

Thug comhordaitheoir Ógtheagmháil Chill Chainnnigh, Michelle Murphy, aitheantas don obair chrua a bhí curtha isteach ag na mic léinn nuair a dúirt sí, “‘Is áit í Ógtheagmháil Chill Chainnnigh ina dtarlaíonn rudaí iontacha. Is cúis bróid dom é a fheiceáil an méid ar bhain grúpa na bliana seo linn le dhá bhliain anuas. Cé gur chuir Ógtheagmháil an tacaíocht, an spreagadh agus an spás díobh, ní mór a aithint go raibh sibh ábalta ag an dúshlán agus go raibh sibh freagrach as an méid a bhain sibh amach”.

 

Dámhachtainí Ógtheagmhála Chill Chainnigh ag Teach Butler i gCathair Chill Chainnigh. Sa phictiúr tá Caleb Cosgrave, Baile na Cille a fuair an Gradam Tinrimh is Fearr; Rachel Kelly, cathair Chill Chainnigh a fuair an Pinnacle Award; Oisin Phelan cathair Chill Chainnigh a fuair Gradam Mac Léinn na Bliana; Stephen Dunphy, Baile Mhic Andáin a fuair an Endeavour Award agus Jack Lanagan Walsh, cathair Chill Chainnigh a fuair Gradam Pearsa Spóirt na Bliana

í

I measc na ndaoine ar mbronnadh gradam orthu bhí: Oisín Phelan (Mic Léinn na Bliana); Amber Ryan (Adhmadóir na Bliana ); Sophie Henderson (Ealaíontóir na Bliana); Jack Lanigan (Gradam Duine Spóirt); Rachel Kelly (Gradam Buaicphointe); Stephen Dunphy (Gradam Iarrachta); Terry Byrne (Spiorad na Scoile) agus Calib Cosgrave (Tinreamh is Fearr).

 

Bhronn Ionad Deonach Chill Chainnigh bioráin ar na foghlaimeoirí as ucht an airgid a thiomsaigh siad ar son Chumann Ailse na hÉireann. Bronnadh freisin boinn cré-umha Gaisce ar mic léinn mar chuid de Ghradam an Uachtaráin. Tugadh ardmholadh don fhoireann ó Ógtheagmháil Chill Chainnigh, a thóg ceann de na duaiseana abhaile leo ón Seothaispeántas The B!G Idea.

 

 

 

Ag an searmanas, labhair John O’Neill ón Oifig Oideachais d’Aosaigh i BOOCCC, leis na mic léinn. Dúirt sé, “Ba mhaith liom a rá ar deireadh lenár mic léinn Ógtheagmhála, go bhfuilimid bródúil asaibh anseo ag BOOCCC; is ábhar bróid sibh d’Ógtheagmháil; ach, thar aon rud eile, tá súil agam go bhfuil sibh bródúil asaibh féin.”

 

Glactar anois le hiarratais don bhliain acadúil 2023-2024. Tuilleadh eolais le fáil ag info@kilkennyyouthreach.ie nó 056-7723550

 

Príomhíomhá an phictiúir: Sa phictiúr tá Dámhachtainí Ógtheagmhála Chill Chainnigh tar éis an tsearmanais ghradaim ag Gairdíní Theach an Bhuitléaraigh, Cathair Chill Chainnigh

Léim ar ábhar