KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Reáchtálann Music Generation Ceatharlach a sheóthaispeántas deiridh bliana

Reáchtáil Music Generation Ceatharlach (MGC) a sheóthaispeántas deireadh bliana an tseachtain seo caite. Bhíothas ag súil go mór leis agus ba thráthnóna ceoil é nach ndéanfar dearmad go deo air

 

Le cloisteáil agus le feiceáil ag an gceolchoirm eisceachtúil seo, bhí daoine aonair mar aon le dísréad agus grúpa ó chláir MOL ar fud an chontae chomh maith le Reelig agus ReelÓg, grúpaí ceoil de chuid MCG ón gcontae i gcoitinne. Le cloisteáil freisin bhí ceoltóirí alumnas ón gclár MCG, agus seóthaispeántas iontach a chuir foireann teagascóra na gceoltóirí gairmiúla de chuid MCG i láthair.

 

Reelig, ensemble contae sinsearach traidisiúnta na hÉireann, le ceoltóirí óga ó HUB Cheatharlach agus ó HUB na Buiríse ag breathnú ar sheó dheireadh na bliana Music Generation Cheatharlach

Reáchtáladh an ceolchoirm sa Mhalartán i gCeatharlach agus bhí an spás cruthaitheach seo i gcroílár bhaile Cheatharlach foirfe mar ionad don imeacht seo. Mar aíonna speisialta bhí Stiúrthóir Náisiúnta Music Generation, Rosaleen Molloy; Leas-Chathaoirleach BOOCCC, an Clr Andrea Dalton; Cathaoirleach Chomhairle Contae Cheatharlach, an Clr Brian O’Donoghue agus an Clr Tom O’Neill

 

Bhí an lucht féachana faoi dhraíocht ag na taibheoirí, ó na mic léinn MOL a léirigh fás agus cumas dochreidte, go dtí na cóirithe draíochta a sheinn baill ó na grúpaí Reelig agus ReelÓg. Ba é seo an taibhiú oifigiúil deiridh ó bheirt de na baill a bhí ann le fada, Sonny Cahill agus Cliodhna Murphy, atá ag dul ar aghaidh go dtí an oideachas tríú leibhéal

 

Bhí cumha le braistint nuair a chonacthas an rath a bhí ar cheoltóirí alumnas MCG ón am a bhí siad ina mbaill de Music Generation Ceatharlach. Léiriú ba ea é ar chumhacht chlaochlaitheach an oideachais cheoil agus an tionchar buan atá aige ar dhaoine.

 

Buaicphointe an tráthnóna ná an taibhiú speisialta ó fhoirean teagascóra ceoil MGC, ina raibh Áine Donohoe, ceoltóir traidisiúnta agus comhordaitheoir MOL, agus is ise a d’eagraigh an ócáid. Léirigh an grúpa, ina raibh Paul Horahan, Paul Brett, Brian Murphy, Megan McDonald, Thomas O’Donoghue, Rachel Kavanagh, Diarmuid O’Neill agus Áine Donohoe, saineolas agus ealaíontacht MCG. Bhí an lucht féachana faoi dhraíocht ag an taibhiú agus bhí sé ina inspioráid do na ceoltóirí óga go léir a bhí i láthair

Reelig, ensemble contae sinsearach traidisiúnta na hÉireann, le ceoltóirí óga ó HUB Cheatharlach agus ó HUB na Buiríse ag breathnú ar sheó dheireadh na bliana Music Generation Cheatharlach

 

Ag labhairt dó tar éis an cheolchoirm, dúirt Gavin Barr, Oifigeach Forbartha Ceoil do Music Generation Ceatharlach, “Thar ceann na foirne Music Generation i gCeatharlach, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na taibheoirí go léir, na teagascóirí, na tacadóirí agus le pobal Cheatharlach. De bharr a n-iarrachtaí go léir d’éirigh thar barr leis an seóthaispeántas deireadh bliana seo. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le Cliodhna Murphy agus le Sonny Cahill as a gcuid oibre crua agus as an tiomantas a léirigh siad don chlár MGC. Guím gach rath orthu sa choláiste. Braithfimid uainn iad”.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chláir Music Generation Ceatharlach, cuir ríomhphost chuig musicgenerationcarlow@kcetb.ie

 

Teideal an Phríomh-íomhá: Na ceoltóirí óga Aoíse Gould, Áine Murphy, Katie Nolan, Claire Ryan, Orla McCann, Keeva Delaney, leis an múinteoir Brian Murphy, i mbun taispeántais deireadh na bliana Music Generation Cheatharlach

Léim ar ábhar