KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Taispeántas ealaíne den scoth de chuid na mac léinn ó Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin

(Dé Luain 30 Bealtaine, 2022) – Reáchtáladh taispeántas deireadh na bliana i Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin. Bhí an aimsir go haoibhinn agus bhí deis ag cuairteoirí bualadh le mic léinn agus le baill foirne araon chun féachaint ar os cionn 200 píosa ealaíne a rinne 15 oibrí ceardaíochta atá ag teacht i gcrann

 


Scrúdóidh Lily Walsh (5 bliana) an t-urn ceirmeach leis an gceardaí Enda Moran ag an taispeántas deireadh na bliana i Scoil Cheardaíochta Mhuileann Ghreanáin

 

Bhí seodra, earraí criadóireachta, teicstílí, priontaí agus miotalóireacht le feiceáil sa taispeántas i Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin. Is cuid den Choláiste Breisoideachais Urumhan í an Scoil atá á bainsitiú ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC). Bhí fáiltiú ann do na cuairteoirí fad is a bhí siad ag feáchaint ar na hearraí ceardaíochta ar chúig leibhéal den mhuileann a théann siar go dtí an 18ú haois déag ina bhfuil Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin lonnaithe. I measc na gcuairteoirí bhí tuismitheoirí, mic léinn, baill foirne agus baill de phobal Bhaile Mhic Andáin. I láthair freisin bhí príomhfheidhmeannach BOOCCC, Eileen Curtis agus Leas-Príomhoide Choláiste Urumhan, Una Hayes


The Eyes Have It: Féach Príomhfheidhmeannach KCETB Eileen Curtis agus Leas-Phríomhoide Choláiste Ormonde Úna Hayes ar Sphere 2- Gilded Eye, cruthaithe ag Kevin Buckley, ag an taispeántas deireadh na bliana i Scoil Cheardaíochta Mhuileann Grennan

 

 

 

 

Bunaíodh Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin sa bhliain 1981. Aithnítear go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta í as na cláir lánaimseartha atá ann, a dearadh chun léargas a thabhairt do na mic léinn maidir le hearraí ceardaíochta a dhearadh agus a dhéanamh. Tá na modúil faofa ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, agus áirítear modúil chriadóireachta, líníocht dearaidh, miotalóireacht, priontáil agus teicstílí a fhí. Is féidir le mic léinn dul ar aghaidh go dtí coláistí ealaíne, príntíseacht a dhéanamh i gceard faoi leith nó a ngnó ceardaíochta féin a bhunú. I measc céimnithe na scoile atá mór le rá anois, tá an dealbhóir Remco de Fouw, dearthóirí idirnáisiúnta seodra Seamus Gill agus Angela O’Kelly, an ceirmeoir Susan O’Byrne agus an fhíodóir Samantha Capatti

 

Ag labhair dí faoin taispeántas, dúirt Leas-Príomhoide Choláiste Urumhan, Una Hayes, gur léirigh an taispeántas iontach agus eisceachtúil seo díograis agus cruthaitheacht na mac léinn i mbliana .

 

“Is léiriú iontach é an taispeántas seo ar chaighdeán na hoibre i Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin, agus buanna agus cruthaitheacht ár mac léinn. Ba chóir go mbeadh bród orthu as an méid atá bainte amach acu, a dúirt Una Hayes.

 

Ag labhairt di mar gheall ar an taispeántas, dúirt príomhfheidhmeannach BOOCCC, Eileen Curtis, “Tá áthas ar BOOCCC tacú le Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin, a bhfuil tírdhreach na ceardaíochta, na healaíne agus an dearaidh sa tír seo múnlaithe acu. Inniu, soláthraíonn Muileann an Ghrianáin ceardaithe a bhfuil an-mhianach iontu agus a bhfuil aithne ar mhórán díobh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Táim buíoch as na teagascóirí cumasacha i Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin atá an-flaithiúil lena gcuid ama agus eolais agus a chuireann ar chumas na mac léinn anso – a thagann ó gach cearn den Eoraip – slí bheatha sa cheardaíocht a fhorbairt. Tréaslaím le céimnithe na bliana seo agus táim ag súil an turas a dhéanann siad mar cheardaithe a leanúint.”


Tá Rosemary Fitzgerald agus Catherine Ryan (Múinteoir Teicstílí Uigí) sa phictiúr ag an taispeántas deireadh na bliana i Scoil Cheardaíochta Mhuileann Ghréine

 

Mar chuid dá shainchúram, déanann BOOCCC 13 iarbhunscoil a bhainistiú mar aon le dhá choláiste breisoideachais agus oiliúna, raon leathan de sheirbhísí oideachais phobail ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach. Comhardaíonn sé seirbhísí óige agus cuireann sé oideachais cheoil chun cinn trí Music Generation.

 

Tá an taispeántas seo i Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin oscailte do chuairteoirí Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo chugainn (27, 28 Bealtaine) ó 10am go dtí 6pm. Tá Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin ag glacadh le hiarratais anois don chúrsa dhá bhliain a bheidh ag tosú i Meán Fómhair. Tuilleadh eolais le fáil ag www.ormondecollege.ie nó cuir glaoch ar 056 7763321

 

Teideal an Phríomh-íomhá: Tá Enda Walsh ó Ghráig na Manach, Co. Chill Chainnigh sa ghrianghraf os comhair a chruthaíochta Gluaisteacht ag taispeántas deireadh na bliana i Scoil Cheardaíochta Mhuileann Ghréine, Co. Chill Chainnigh

Léim ar ábhar