KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Gradam Dalta na Bliana BOOCCC 2023

(Dé Luain 11 Meán Fómhair, 2023) – Bronnadh an gradam Dalta na Bliana 2023 ar thrí dhalta déag “ceannairí an todchaí” a bhfuil difríocht déanta acu dá bpobal meánscoile i gcontaetha Chill Chainnigh agus Cheatharlach.

Gradaim Chloe Moylan ó Ghairmscoil Bhuiríosa, Irina Luchiancuic ó Choláiste Tyndall agus Ailbhe Maguire ó Choláiste Eoin.

 

D’eagraigh Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) an searmanas, a reáchtáladh san Óstán Urumhan, Cill Chainnigh, ag an deireadh seachtaine. Té BOOCCC ina phártún ar 13 iarbhunscoil, agus soláthraíonn sé breisoideachas agus oiliúint do dhaoine fásta agus don phobal, mar aon le seirbhísí óige do 18,000 dalta gach bliain ar fud an dá chontae

 

D’eagraigh Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) an searmanas, a reáchtáladh san Óstán Urumhan, Cill Chainnigh, ag an deireadh seachtaine. Té BOOCCC ina phártún ar 13 iarbhunscoil, agus soláthraíonn sé breisoideachas agus oiliúint do dhaoine fásta agus don phobal, mar aon le seirbhísí óige do 18,000 dalta gach bliain ar fud an dá chontae

 

Na gradaim Ciara Corcoran ó Choláiste Cois Siúire, Grace Brosnan ó Choláiste Pobail na Mainistreach agus Fionn McInerney ó Ghairmscoil Chathair Chill Chainnigh.

Bronnadh an onóir ar 13 dalta. Fuair siad bonn airgid coimisiúnaithe go speisialta lena n-ainm, teideal an ghradaim agus ainm na scoile greanta air. Seo a leanas na buaiteoirí:

  • Kea Flores, Coláiste Mhuire, Baile Sheáin, Co. Chill Chainnigh
  • Adam Walsh, Coláiste Dubhuisce, Co. Chill Chainnigh
  • Fionn McInerney, Gairmscoil Chathair Chill Chainnigh
  • Ciara Walsh, Scoil Aireagail, Baile Héil, Co. Chill Chainnigh
  • Tomás Mac Griana, Coláiste Pobail Osraí, Cathair Chill Chainnigh
  • John Cummins, Coláiste an Ghrianáin, Baile Mhic Andáin, Co Chill Chainnigh
  • Ciara Corcoran, Coláiste Cois Siúire, Móin Choinn, Co. Chill Chainnigh
  • Grace Brosnan, Coláiste Pobail na Mainistreach, Port an Chalaidh
  • Irina Luchianciuc, Coláiste Tyndall, Ceatharlach
  • Owen McDonald, Coláiste Aindriú, Muine Bheag, Co Cheatharlach
  • Chloe Moylan, Gairmscoil An Bhuiríos, Co Cheatharlach
  • Clodagh Ní Bhraonáin, Gaelcholáiste Cheatharlach, Ceatharlach
  • Ailbhe Maguire, Coláiste Eoin, Baile Aicéid, Co Cheatharlach
Gradaim Owen McDonald ó Choláiste Aindriú agus Clodagh Ní Bhraonáin ó Ghaelcholáiste Cheatharlach.

 

Chuir Eileen Curtis, Príomhfheidhmeannach BOOCCC, Cathaoirleach an Bhoird, an Clr Fergal Browne, agus an Stiúrthóir Scoile, an Dr Pauline Egan, fáilte roimh na daltaí agus a dtuismitheoirí chomh maith le príomhoidí scoile agus leas-phríomhoidí.

 

Agus í ag cur fáilte rompu, mhínigh an Dr Egan an bhrí atá ag Gradam Dalta na Bliana. “Mar bhonn faoin misean atá ag scoileanna BOOCCC, tá an barr feabhais san oideachas, an cúram, comhionannas, muintearas agus meas. Is léiriú é Dalta na Bliana ar na luachanna seo, mar ní hamháin an barr feabhais acadúil atá i gceist leis ach tiomantas agus díograis an dalta chomh maith leis an méid atá bainte amach acu chun feabhas a chur ar phobal na scoile. Bhí sé deacair do na príomhoidí duine amháin a roghnú agus is léiriú é sin ar chuallacht na ndaltaí sna 13 scoil atá ag BOOCCC”, a dúirt an Dr Egan.

Na gradaim Kea Flores ó Choláiste Mhuire, Ciara Walsh ó Scoil Aireagail agus Adam Walsh ó Coláiste Dubhuisce

 

Thug gach príomhoide óráid inar leag siad amach an méid a bhí bainte amach ag an mbuaiteoir óna scoil féin i rith an ama a chaith siad ag an meánscoil. Mar chathaoirleach BOOCCC, bhronn an Clr Fergal Browne bonn ar gach dalta. Dúirt an Clr Browne, “Is eiseamláirí iad gach ceann de bhuaiteoirí an Ghradaim Dalta na Bliana a léiríonn na rudaí is fearr atá le feiceáil i ngach scoil faoin BOOCCC. Is féidir bheith bródúil as na daoine óga seo atá lán dóchais agus faoina bhfuil an-ghealladh”.

 

Kea Flores ó Choláiste Mhuire ag fáil gradam Mhac Léinn na Bliana 2023 ó Chathaoirleach KCETB, an Comhairleoir Fergal Browne. Sa phictiúr freisin tá an Príomhoide Martin Gleeson.

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis leis na daltaí go léir agus thug sí “ceannairí an todchaí” orthu. San aitheasc a rinne sí dúirt sí, “Tar éis bheith ag éisteacht leis an ardlua seo, táim cinnte go bhfuil gach duine ar aon intinn gur daoine eisceachtúla iad na daoine óga seo agus go bhfuil siad n-ambasadóirí iontacha ag a scoileanna. Tá sé léirithe acu go bhfuil siad an-aibí agus go bhfuil scileanna ceannaireachta eisceachtúla acu, agus gur bhain siad lántairbhe as an bhfoghlaim fad is bhí siad ag freastal ar an meánscoil”.

 

Mhol sí dóibh “leanúint le caighdeáin arda a leagan síos, agus géilleadh do na deiseanna a bheidh ann sna blianta atá romhaibh”. Mar fhocal scoir, ghuígh sí gach rath orthu amach anseo, leis an oideachas agus go ginearálta.

 

Príomh-íomhá: Gradam Ciara Corcoran ó Choláiste Cois Siúire le Stiúrthóir Scoileanna KCETB An Dr Pauline Egan, Cathaoirleach KCETB, An Clr Fergal Browne, Príomhfheidhmeannach KCETB Eileen Curtis. Chomh maith le bronnadh Mac Léinn na Bliana ar Chiara, is ar Choláiste Cois Siúire a bronnadh an chéad Scoláireacht Vicky Phelan ar Ciara chun cabhrú léi lena cuid staidéir tríú leibhéal

Léim ar ábhar