KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Comhoibriú idir BOOCCC agus Cartoon Saloon sa tionscnamh foghlama teaghlaigh Leabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách

Tá an tSeirbhís Litearthachta d'Aosaigh, seirbhís de chuid Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC), ag comhoibriú leis an stiúideo beochana Cartoon Saloon, a ainmníodh go minic le haghaidh Oscar, ar thionscadal foghlama idirghlúine don teaghlach ar fad. Seolfar an mhí seo é agus is é an teideal a bheidh air ná Leabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách.

 

Is í aidhm an tionscnaimh, coincheap de chuid Seirbhís Litearthachta d'Aosaigh BOOCCC, ná an leabhar agus an scannán WolfWalkers ó Cartoon Saloon a úsáid mar deis léitheoireachta, agus chun é a phlé mar thionscnamh foghlama do theaghlaigh, agus chun taitneamh a bhaint as clár gníomhaíochtaí tacaíochta i scoileanna, in ionaid foghlama d’aosaigh, in ionaid acmhainní teaghlaigh agus i leabharlanna ar fud ChillChainnigh agus Cheatharlach

 

Áirítear i measc na n-imeachtaí éagsúla do Leabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách: taispeáintí saor in aisce de Wolf Walkers ag dhá ócáid faoi leith i Visual Ceatharlach agus san amharclann Watergate, Cill Chainnigh; seachtain de thóraíochtaí taisce i dtimpeallachtaí coille; tráth na gceist beo ar KCLR Dé Céadaoin 25 Deireadh Fómhair dar teideal WOW-WolfWalkers on the Wireless; gníomhaíochtaí scríbhneoireachta teaghlaigh d’aosaigh agus do pháistí ar a dtugtar Walkwalkers Scéal Eile at an Ionad Delta, Ceatharlach agus ag Teach Rothe, Cill Chainnigh; agus dhá imeacht ar líne le Matchbox Mountain, a bheidh á n-óstáil ag na beochtanóirí Eimhín McNamara agus Pádraig Fagan. Taispeánfaidh siadsan conas ar cuireadhWolf Walkers ar an scáileán.

 

Beidh an t-aschur ó WalkWalkers Scéal Eile ar taispeáint inGailearaí Butler agus VISUAL i gCeatharlach ó 19-21 Deireadh Fómhair.

 

Tá an fhoghlaim teaghlaigh agus an fhoghlaim idirghlúine i gcroílár an oideachais a sholáthraíonn BOOCCC le blianta fada anois agus oibríonn an eagraíocht go dlúth le príomhoidí áitiúla agus le comhordaitheoirí teagmhála pobail don scolaíocht bhaile.

 

Helen Walsh, Comhordaitheoir Litearthachta Réigiúnaí, KCETB le cuid de na hábhair don tionscnamh foghlama teaghlaigh Leabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách

Bhí an méid a leanas le rá ag an Oifigeach Oideachais d’Aosaigh ó BOOCCC, Bernadette O’Rourke: “Is tionscadal nuálaíoch agus comhoibritheach é Leabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách. Cuirfidh sé cur chuige tras-sochaíoch agus deis ar fáil chun aird a tharraingt ar an teachtaireacht Litearthacht d’Aosaigh ar feadh an tSaoil, agus cuirfidh sé ar chumas daoine fásta ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach an chéad chéim a thógáil nó an chéad chéim eile maidir le tacaíocht a lorg ar bhealach cruthaitheach, taitneamhach atá dírithe ar an duine. Tá áthas ar gach duine sa tSeirbhís Litearthachta i BOOCCC páirt a ghlacadh sa tionscadal seo agus táimid ag súil le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe áitiúla agus le bualadh le hoiread daoine fásta agus is féidir fad is bheidh an tionscadal ar siúl”.

 

Cuirfear tús le Leabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách ar 20 Meán Fómhair le hócáid san Óstán Woodford Dolmen, Ceatharlach do scoileanna i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach. I láthair beidh an scealaí dátheangach mór le rá Niall De Búrca. Rithfidh an clár go dtí 25 Deireadh Fómhair.

 

 

Tá tuilleadh eolais mar gheall ar Leabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách le fáil ón Ionad Foghlama d’Aosaigh, Cill Chainnigh, 056 7763149, agus Ionad Foghlama d’Aosaigh, Ceatharlach 059 9135544

 

Le haghaidh tuilleadh eolais agus nuashonraí rialta, FB (Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach), X (@KCETB_FET ) agus Instagram (Foghlaim don TeaghlachFET)

 

Príomh-fhotheideal na híomhá: Helen Walsh, Comhordaitheoir Litearthachta Réigiúnach, KCETB le cuid de nLeabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách

Léim ar ábhar