KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Ócáid cheiliúrtha ag a mbronntar gradaim ar 160 dalta ó Choláiste Breisoideachais Urumhan

(Dé Luain 18 Meán Fómhair, 2023) – Reáchtáladh searmanas bronnta bliantúil an Choláiste Urumhan i gcathair Chill Chainnigh ag an deireadh seachtaine. Bronnadh gradam ar 160 céimí ó 23 clár éagsúil i réimsí ar nós cúram ainmhithe, staidéir eachaíochta, teiripe scéimhe, gruagaireacht, cúram pobail, staidéar altranais, síceolaíocht fheidhmeach, obair don aos óg agus staidéar andúile, riaracháin oifige, turasóireacht agus gnó, agus sa staidéar ealaíne, ceardaíochta agus deartha.

Sa phictiúr lena teaghlach tá Yuliatin Callinan ó Ballyraggett

 

Is coláiste de chuid Boird Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) é Coláiste Urumhan, agus is é an soláthróir breisoideachais is mó atá i gCill Chainnigh. Is féidir cúrsaí go dtí leibhéil 5 agus 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí a dhéanamh agus is féidir rogha a dhéanamh ó 24 ábhar atá ábhartha ó thaobh gairme de.

 

Ciara O'Driscoll as Baile Mhic Andáin agus Niamh McEvoy as Lios Dúin

Tá an príomhchampas lonnaithe i suíomh stairiúil ar Bhóthar Urumhan i gcathair Chill Chainnigh. Tá campas amharc-ealaíona freisin ar Bhóthar an Phríosúin chomh maith le Scoil Ceardaíochta Mhuileann an Ghrianáin agus Ionad Eachaíochta an Ghrianáin i mBaile Mhic Andáin.
Thomastown.

 

I measc na ndaoine a bhí i láthair ag an searmanas bhí Eileen Curtis, Príomhfheidhmeannach BOOCCC; Stiúrthoir Breisoideachais agus Oiliúna Martha Bolger, agus baill de bhord bainistíochta an choláiste a bhí ann leis na céimithe agus lena dteaghlaigh.

 

San óráid a thug sí do na céimithe, dúirt Príomhoide Choláiste Urumhan, Úna Hayes, “Is ábhar bróid dúinn é anseo ag Coláiste Urumhan tréaslú lenár bhfoghlaimeoirí fásta as an méid a bhfuil bainte amach acu. Is céiliúradh é seo den obair dhian atá curtha isteach ag an ngrúpa 2023 agus den bhuanseasmhacht a léirigh siad i gcónaí. Guímid gach rath orthu amach anseo.”

 

Rinne Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis comhghairdeas leis na céimithe. “Inniu tá sibh mar chuid de phobal na n-alumnas ag Coláiste Urumhan atá níos mó. Is lá speisialta é seo daoibh féin agus bhur dteaghlaigh, lá le ceiliúradh agus chun taitneamh a bhaint as. Molaim daoibh leanúint ar aghaidh le bhur dturas oideachais agus tógáil ar bhur scileanna sna blianta amach romhainn”.

Iar-Phríomhoide John Kavanagh, Príomhoide Una Hayes, Stiúrthóir FET Martha Bolger agus an Príomhfheidhmeannach Eileen Curtis

 

Dúirt Stiúrthóir Breisoideachais BOOCCC, Martha Bolger, “Ní raibh an todhchaí riamh chomh geal do chéimithe Choláiste Urumhan. Tá go leor acu fostaithe mar thoradh ar a gcúrsa a chríochnú i gColáiste Urumhan, agus tá cuid eile tar éis leanúint lena gcuid staidéir sa bhreisoideachas agus oiliúint (FET) agus san ardoideachas”.

 

Tá Choláiste Breisoideachais Urumhan ag glacadh le hiarratais faoi láthair don bhliain acadúil 2023/24. Níl aon chostas ar an gclárú ná ar an teagasc. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach www.ormondecollege.ie

 

Fotheideal na príomhíomhá: Sa phictiúr ag bronnadh Choláiste Breisoideachais Urumhan tá Emma Freaney, Callan; Ide Purcell Cathair Chill Chainnigh; Kirsten Gannet Cill Chainnigh; Rachel Maher, Durlas agus Sinéad Bolger Chill Chainnigh a bhain céim amach i gCúram Leanaí.

Léim ar ábhar