KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Music Generation Chill Chainnigh réidh le mol ceoil iarscoile nua a sheoladh i ndeisceart Chill Chainnigh

Tá daoine a bhfuil suim acu sa cheol agus ceoltóirí óga i ndeisceart Chill Chainnigh ag súil go mór le mol ceoil iarscoile nua a sheolfaidh Music Generation Chill Chainnigh i nDeireadh Fómhair, i gcomhar le Coláiste Cois Siúire, Móin Choinn.

 

Cuirfidh an tionscnamh ardán bríomhar ar fáil do dhaoine óga na háite iad féin a thumadh sa cheol, rud a chothóidh cruthaitheacht agus tuiscint do na healaíona agus a fhorbróidh scileanna ceoil. Soláthróidh an clár deiseanna éagsúla san oideachas ceoil, a fhreastalóidh ar shuimeanna éagsúla agus leibhéil scileanna difriúla. Cinnteoidh sé go n-aimseoidh gach duine a ghlacann páirt an paisean atá iontu agus go n-éireoidh go breá leo i dtimpeallacht ina bhfuil tacaíocht le fáil.

 

Ag labhairt dó faoin mol nua i ndeisceart Chill Chainnigh, dúirt Conor Power, Príomhoide Choláiste Cois Siúire, Móin Choinn, "Tá an-áthar orainn an mol iarscoile seo a sheoladh i gcomhar le Music Generation Chill Chainnigh. Gan dabht, cuirfidh an tionscnamh seo feabhas ar shaol ár ndaltaí agus ar shaol an phobail i gcoitinne i i ndeisceart Chill Chainnigh. Beidh ardán acu chun a fháil amach cad iad na buanna atá acu agus chun iad féin a chur in iúl go cruthaitheach.”

 

Mar chuid den mhol, beidh an deis ag daltaí triail a bhaint as uirlisí éagsúla ó ghiotáir fhuaimiúla agus leictreacha go dtí drumaí, amhránaíocht agus piano/méarchláir, agus beidh níos mó uirlisí ar fáil de réir mar a théann an mol ar aghaidh. Sa mhol iarscoile cuirfear an bhéim freisin ar chomhoibriú agus ar obair foirne trí cheol a sheinm le chéile. Beidh an deis ag daltaí páirt a ghlacadh i mbannaí, rud a chabhróidh leo scileanna idirphearsanta ríthábhachtacha a fhorbairt agus iad ag cruthú ceol iontach le chéile. Beidh an deis ann ceolchoirmeacha a chur i láthair ag imeachtaí pobail trí chlár a bheidh ionchuimsitheach agus ar a mbeidh rochtain ag gach dalta a bhfuil suim aige nó aici ann, beag beann ar an taithí nó ar an cúlra atá acu sa cheol. Creideann Music Generation Chill Chainnigh go bhfuil an ceart ag gach duine óg barr a chumais cheoil a bhaint amach

 

"Ag Music Generation Chill Chainnigh, tá sé mar aidhm againn grá don cheol a chothú sa phobal,” a deir Sinéad Blanchfield, Oifigeach Forbartha Music Generation Chill Chainnigh. "Tá áthas orainn dul i gcomhar le Coláiste Cois Siúire agus timpeallacht a sholáthar do cheoltóirí óga i ndeisceart Chill Chainnigh inar féidir leo foghlaim, fás, comhoibriú lena bpiaraí, muintearas a fhorbairt agus dul faoi bhláth”.

 

Is féidir clárú anois don mhol ceoil iarscoile. Moltar do thuismitheoirí agus do dhaltaí a bhfuil suim acu tuilleadh a fhoghlaim faoin gclár clárú ar an nasc seo: https://forms.office.com/e/eGeuPreig7  

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le: ríomhphost: musicgenerationkilkenny@kcetb.ie teachtaireacht facebook: @musicgenerationkilkenny fón: 056 7786896

 

Faoi Music Generation Chill Chainnigh:
Is clár ceoil oideachasúil ceannródaíoch é Music Generation Chill Chainnigh a sholáthraíonn teagasc ceoil ardchaighdeáin fóirdheonaithe do na mílte páistí agus daoine óga i gCill Chainnigh. Is cuid é an clár den tionscnamh náisiúnta Music Generation, comh-mhaoinithe ag U2, na Cistí Éireannacha, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Comhpháirtíochtaí Ceoloideachais Áitiúla. Go háitiúil, is é BOOCCC atá i gceannas ar Music Generation Chill Chainnigh i gcomhar le Comhairle Contae Chill Chainnigh.

 

Faoi Coláiste Cois Siúire Móin Choinn: Is scoil iarbhunscoile chomhoideachais í Coláiste Cois Siúire atá lonnaithe i Móin Choinn, Cill Chainnigh. Cuireann sí oideachas iomlánaíoch ar fáil agus cuireann sí buanna na ndaltaí chun cinn. Tá sí mórtasach as timpeallacht foghlama iomchuimsitheach tacúil a sholáthar a spreagann fiosracht agus fás. Is scoil de chuid BOO Chill Chainnigh agus Cheatharlach í Coláiste Cois Siúire

 

Fotheideal na príomhíomhá: Music Generation Ceoltóirí óga Chill Chainnigh ag glacadh páirte in imeacht i dTeach Butler níos luaithe i mbliana

Léim ar ábhar