KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

“Leabhair Power!” Seoltar an tionscnamh foghlama do theaghlaigh Leabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách

An tseachtain seo, tríd Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach, sheol an tSeirbhís Litearthachta d'Aosaigh tionscadal foghlama nua do theaghlaigh – Leabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách – i gcomhar le Cartoon Saloon. Agus bhí blas Hollywood le brath ar fud na háite nuair a thosaigh bunaitheoir Cartoon Saloon Tomm Moore ag síniú leabhair do na páistí a bhí i láthair ag an ócáid

 

Daltaí Rang a 6 ó Scoil Náisiúnta Naomh Columba, An Tulach

Ba í aidhm an tionscnaimh, coincheap de chuid Seirbhís Litearthachta d'Aosaigh BOOCCC, ná an leabhar agus an scannán WolfWalkers ó Cartoon Saloon, a bhfuil duaiseanna buaite acu, a úsáid mar deis léitheoireachta, agus chun é a phlé mar thionscnamh foghlama do theaghlaigh, agus chun taitneamh a bhaint as clár gníomhaíochtaí tacaíochta i scoileanna, in ionaid foghlama d’aosaigh, in ionaid acmhainní teaghlaigh agus i leabharlanna ar fud ChillChainnigh agus Cheatharlach. Seoladh an ócáid san Óstan Dolmen agus chuir an scéalaí dátheangach mór le rá Niall De Búrca beocht sa scéal WolfWalkers. Bhí áthas ar na páistí agus iad ag déanamh gáire, ag cur fuaimeanna leis an scéal agus ag screadadh amach an mantra - “Leabhair Power!”

An scéalaí dátheangach Niall De Búrca le daltaí bunscoile áitiúla as Ceatharlach agus Cill Chainnigh.

 

 

Áirítear i measc na n-imeachtaí éagsúla do Leabhar Amháin, Scannán Amháin do Chách: taispeáintí saor in aisce de Wolf Walkers ag dhá ócáid faoi leith i Visual Ceatharlach agus san amharclann Watergate, Cill Chainnigh; seachtain de thóraíochtaí taisce i dtimpeallachtaí coille; tráth na gceist beo ar KCLR Dé Céadaoin 25 Deireadh Fómhair dar teideal WOW-WolfWalkers on the Wireless; gníomhaíochtaí scríbhneoireachta teaghlaigh d’aosaigh agus do pháistí ar a dtugtar Walkwalkers Scéal Eile at an Ionad Delta, Ceatharlach agus ag Teach Rothe, Cill Chainnigh; agus dhá imeacht ar líne le Matchbox Mountain, arna óstáil ag na beochtanóirí Eimhín McNamara agus Pádraig Fagan. Taispeánfaidh siadsan conas ar cuireadhWolf Walkers ar an scáileán.

 

Beidh an clár ar siúl go dtí 25 Deireadh Fómhair. Le haghaidh tuilleadh eolais agus nuashonraí rialta, FB (Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach), X (@KCETB_FET ) agus Instagram (Foghlaim don TeaghlachFET)

KCETB Stiúrthóir FET Martha Bolger, Tomm Moore bunaitheoir Cartoon Saloon; scéalaí dátheangach Niall De Búrca agus Oifigeach Oideachais Aosaigh KCETB Bernadette O'Rourke

 

Fotheideal na príomhíomhá: Sa ghrianghraf ag ócáid do scoileanna in Óstán Woodford Dolmen, Ceatharlach, chun One Book One Film for All a sheoladh tá Isabel O'Gorman ó Chaisleán Dhiarmada atá ina dalta i Scoil Naomh Laserian, Ceatharlach le bunaitheoir Cartoon Saloon Tomm Moore agus Bernadette O'Rourke, Oifigeach Oideachais Aosaigh KCETB

 

Léim ar ábhar