KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Síníonn OTO agus BOOCCC comhaontú chun cur le líon na ndaltaí a théann ar aghaidh ón mbreisoideachas go dtí an t-ardoideachas

(Dé Céadaoin 27 Meán Fómhair. 2023) – Tá comhaontú sínithe ag Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (OTO) agus ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC). Beidh tuilleadh comhoibrithe ag tarlú idir an dá eagraíocht chun freastal ar riachtanais foghlaimeoirí áitiúla trí chonair feabhsaithe a chur chun cinn ón mbreis oideachais go dtí an t-ardoideachas lasmuigh den chóras traidisiúnta atá ann don Lár-Oifig Iontrála.

 

Cuirfidh an comhaontú, a shínigh uachtarán OTO, an tOllamh Veronica Campbell, agus Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis, le cláir ardoideachais de chuid OTO a sheachadadh in éineacht le BOOCCC i gCill Chainnigh agus Ceatharlach

 

Is léiriú é seo ar fheachtas atá ar siúl go náisiúnta chun bealaí nua a bhunú inar féidir cúrsaí céime a dhéanamh trí earnáil breisoideachais agus ardoideachais níos aontaithe a chruthú. I mí Iúil, sheol an tAire Simon Harris Polasaí Aontaithe don Chóras Treasach de chuid na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, agus is léiriú é ar an athrú stairiúil atá ag tarlú maidir le rochtain ar an oideachas tríú leibhéal.

 

Ag labhairt di ag síniú an chomhaontaithe, dúirt Uachtarán OTO, an tOllamh Veronica Campbell, “Leis an gcomhaontú seo inniu, feictear go bhfuilimid tiomanta don chomhoibriú lenár gcomhghleacaithe ag BOOCCC chun feabhas a chur ar na conairí atá ann d’fhoghlaimeoirí dul ar aghaidh ón mbreisoideachas go dtí an t-ardoideachas. Is rud fíorthábhachtach é seo do na pleananna straitéiseacha atá ag OTO deiseanna oideachais a chruthú atá cuimsitheach agus nuálaíoch do mhuintir an réigiúin.”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis faoin gcomhaontú, “Tríd an gcomhaontú seo, táimid ag súil leis na naisc atá again cheana féin le OTO a threisiú agus tuilleadh deiseanna comhoibrithe a lorg. Rachaidh sé seo chun tairbhe ár ndaltaí dara leibhéal mar aon lenár bhfoghlaimeoirí breisoideachais agus ardoideachais. Tagann sé seo leis an téama straitéiseach atá againn maidir le Comhphairtíocht agus Nuálaíocht, trí mhúnlaí nua a sheachadadh leis an earnáil ardoideachais i réigiún an oirdheiscirt. Ina theannta sin, is léiriú é ar an mbunphrionsabal i BOOCCC go bhfuil sé chumas an oideachais beathaí a athrú agus pobail a thógáil”

                   

CAPTION: Sa phictiúr ag síniú an chomhaontaithe dul chun cinn, chun tosaigh ó chlé: Uachtarán SETU, an tOllamh Veronica Campbell; Príomhfheidhmeannach KCETB Eileen Curtis; Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna KCETB Martha Bolger. Ar ais (ó chlé): Ceannaire Tionscadail Straitéisigh Ardoideachais SETU, an Dr Sarah Sartori; Leas-Uachtarán SETU um Ghnóthaí Acadúla, David Denieffe; Oifigeach Oideachais Aosaigh KCETB Sarah Barron

Léim ar ábhar