KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Creideann 63% de dhaoine óga go bhféadfadh sláinte mheabhrach agus mhothúchánach níos fearr a bheith acu – suirbhé ón Oifig Óige de chuid BOOCCC

Ceapann 66% de dhaoine óga i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach go bhféadfaí feabhas a chur ar a gcuid sláinte fhisiciúil, agus ceapann 63% díobh go bhféadfadh sláinte mheabhrach agus mhothúchánach níos fearr a bheith acu, agus níl 37% díobh cinnte an mbraitheann siad dearfach i leith an todchaí.

 

Seo roinnt de na torthaí a tháinig as suirbhé a rinne an Oifig Óige i mBord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC). Rinneadh an suirbhé i mí Feabhra na bliana seo agus bhí formhór na ndaoine sa suirbhé idir 10 and 18 mbliana d’aois.

 

Cé go ndúirt 68% de na daoine óga sa suirbhé gur bhraith siad sásta leis an saol atá acu, dúirt 62% go raibh imní orthu faoin scoil agus faoi scrúduithe. Dúirt 40% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé gur bhraith siad gur fágadh ar leataobh iad, aonrach nó go raibh leatrom á dhéanamh orthu.

 

Taispeánann torthaí eile sa suirbhé go bhfuil 39% de na freagróirí óg buartha faoina bhfolláine mheabhrach. Dúirt 82% d’fhreagróirí, áfach, go bhfuil duine fásta ina saol acu ar féidir leo labhairt leo agus tacaíocht a lorg uathu.

 

Rinne BOOCCC an suirbhé chun níos mó a fháil amach faoi na tuairimí agus na cúiseanna imní atá ag daoine óga, mar ullmhúchán don chéad timthriall eile de scéim chistithe an rialtais dírithe ar an aos óg, UBU – D’Áit, Do Spás, a sholáthraíonn beagnach €40 milliún do sheirbhísí dírithe ar an aos óg go náisiúnta

 

“Tá sé ríthábhachtach go dtuigimis na saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar dhaoine óga ionas gur féidir linn tacú leis na seirbhísí a sholáthraíonn na cláir, na tacaíochtaí agus na gníomhaíochtaí atá ag teastáil ó dhaoine óga”, a dúirt Saoirse Prendergast, Oifigeach Óige BOOCCC

 

“Tugann an fhianaise sa suirbhé seo le fios go bhfuil leibhéal ard deacrachtaí ann maidir le sláinte mheabhrach agus mhothúchánach, agus tarraigníonn sé aird ar an ngá atá ann do chláir dírithe ar dhaoine óga mar aon leis na seirbhísí is gá chun tacú lenár ndaoine óga”, a dúirt Saoirse Prendergast freisin.

 

Tá Oifig Óige BOOCCC freagrach as obair don aos óg a sholáthar, a chomhordú, a ria ragus a mheas i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach. Níos luaithe i mbliana, gheall Oifig Óige BOOCCC go dtabharfaidís €1.2 milliún do sheirbhísí óige agus do chlubanna deonacha i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach. I measc na soláthróirí seirbhíse a bhaineann tairbhe as an maoiniú, áirítear Seirbhísí Óige Osraí, Seirbhísí Óige Réigiúnacha Cheatharlach, Tionscadal Óige agus Caifé Sláinte DRUM Foróige, Cill Chainnigh, chomh maith le roinnt clubanna óige agus grúpaí eile ar fud an dá chontae

 

 

 

 

Léim ar ábhar