KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Rath Mór ar Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais

(Dé hAoine, 18 Samhain 2022) – Bhí Óstán Ormonde i gCill Chainnigh ina chroílár gníomhaíochta aréir do chéimithe SDOG (Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais) Chill Chainnigh. Ócáid mhór ab ea an searmanas bronnta bliantúil do rannpháirtithe SDOG Chill Chainnigh agus dá dteaghlaigh.

 

Ba í Geraldine Moran, Comhordaitheoir SDOG, an t-óstach don ócáid agus chuir sí a buíochas ó chroí in iúl le Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) as a dtacaíocht leanúnach don chlár SDOG. I measc na n-aíonna speisialta bhí Cathaoirleach BOOCCC, an Comhairleoir Fergal Browne, Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis, agus Stiúrthóir BOOCCC Breisoideachais agus Oiliúna (BOO) Martha Bolger.

Céimeanna Chill Chainnigh Mary Hession, Claire Gannon agus Joanna Iwasiuk

 

Ba cheiliúradh cuí é ar éachtaí na mac léinn tar éis roinnt blianta deacra agus dúshlánacha. Mhol Geraldine an fhoireann teagaisc sármhaith agus tiomanta atá de shíor ag roinnt a ngrá don fhoghlaim leis na rannpháirtithe go léir, sna réimsí acadúla agus praiticiúla araon. Ghabh Geraldine buíochas le Orla Reddy agus a foireann comhairleoirí treoracha as a dtacaíocht bhuan don chlár SDOG agus le Joan Howley as a hobair spreagúil leis na rannpháirtithe ar fad.

 

Bronnadh teastais ar rannpháirtithe i nDearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, Teastais Cathrach agus Ceardchuallachtaí agus teastais tinrimh ar fhaighteoirí na ngradam i réimsí lena n-áirítear Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, Teastais Leibhéal 3 san Fhoghlaim Ghinearálta agus Gradaim Leibhéal 5 i Ríomhghnó, Próiseáil Faisnéise, Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh agus Déantús Troscán. Thréaslaigh an Comhairleoir Fergal Browne leis na rannpháirtithe go léir as a sáréachtaí agus ghuigh sé gach rath orthu go léir ina gcuid iarrachtaí amach anseo.

 

In óráid thar a bheith spreagúil, thréaslaigh Stiúrthóir BOO Martha Bolger, leis na rannpháirtithe go léir as a n-éachtaí agus mhol sí iad as a neart in aghaidh an chruacháis le roinnt blianta anuas.

Martha Bolger, Eileen Curtis, Cathaoirleach BOOCCC Fergal Browne, Geraldine Moran agus Bernadette O'Rourke

 

Mhol Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis na rannpháirtithe go léir as a dtréanobair agus a ndiongbháilteacht le linn na n-amanna dúshlánacha a bhí le sárú acu agus mhol sí iad leanúint lena spriocanna foghlama a bhaint amach agus a bpaisean don fhoghlaim a chothú.

 

Mhol Bernadette O’ Rourke, oifigeach oideachais d’aosaigh le BOOCCC na rannpháirtithe ar fad as a n-éachtaí agus labhair sí faoin archaighdeán teagaisc agus foghlama a chuirtear ar fáil san ionad SDOG. Mheabhraigh sí do na rannpháirtithe go léir gur léiriú iontach iad na teastais a fuair siad ar a n-iarrachtaí agus na hionchais agus uaillmhianta móra atá ag an ionad dóibh. Thug Bernadette aitheantas don fhoireann teagaisc ar fad faoi cheannas an Chomhordaitheora Geraldine Moran a spreagann foghlaimeoirí chun buaic a gcumais a bhaint amach ina bpoist mar oideoirí

 

Ag deireadh an tsearmanais bhronnta ghabh Geraldine Moran buíochas le gach duine a chinntigh go raibh rath mór ar an oíche. Ghabh sí buíochas le Charlotte Beattie Rúnaí SDOG as a tacaíocht riaracháin agus le Sean Lawless as an ócáid a eagrú agus as a thacaíocht theicniúil. Gabhadh buíochas ó chroí freisin le Fiona Phelan, Alma Feeley agus Mary Roache as a gcúnamh ar fad. Tar éis an tsearmanais, bhí ceiliúradh mór ag na rannpháirtithe agus a dteaghlaigh le sólaistí in Óstán Ormonde.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le SDOG Chill Chainnigh ar 056-7764719 nó ag info@vtoskk.ie

 

Teideal don phríomhíomhá: Céimithe Chill Chainnigh Helen Devane, SéNicholson, Toshie Oue agus Claudine Malunga

 

Léim ar ábhar