KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Onóir do theagascóirí Breisoideachais agus Oiliúna ag ócáid scoir de chuid BOOCCC

(Dé hAoine, 24ú Samhain, 2022) – Reáchtáil Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) imeacht speisialta inné d’fhostaithe ar scor de chuid a Seirbhíse Breisoideachais agus Oiliúna (SBO) chun aitheantas a thabhairt dá seirbhís agus buíochas a ghabháil leo as a dtréanobair agus a dtiomantas maidir le seirbhísí oideachais a sholáthar do réigiún Chill Chainnigh agus Cheatharlach.

 

Chuimsigh an searmanas, a bhí ar siúl sa Lord Bagenal Inn, daoine a chuaigh ar scor ó 2020 ar aghaidh agus bhí a dteaghlaigh agus a gcomhghleacaithe in éineacht leo don ócáid.

 

Ba theagascóirí ó ionaid oideachais d’aosaigh, ionaid litearthachta agus ionaid um fhilleadh ar an oideachas BOOCCC ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach, a chuireann breisoideachas agus oiliúint ar fáil do 5,000 mac léinn gach bliain, a bhí sa chuid is mó de na daoine a chuaigh ar scor.

Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis; Éascaitheoir Oideachais Pobail BOOCCC Siobhan O’Brien; Patrick Maher, Mary Gaine agus Ann Eustace atá ar scor ó BOOCCC; Fiona O’Brien, Comhordaitheoir Oideachais Pobail BOOCCC; Stiúrthóir BOOCCC ar FET Martha Bolger agus Oifigeach Oideachais Aosaigh BOOCCC John O’Neill.

 

Ghabh Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis buíochas le gach duine a chuaigh ar scor dá dtiomantas agus seirbhís.

 

“Bhí ról lárnach ag gach duine agaibh inár n-eagraíocht agus bhí tionchar do-inste agaibh ar ár n-ionaid bhreisoideachais agus oiliúna. Chuaigh bhur sárobair le linn na mblianta i bhfeidhm ar shaolta go leor duine agus mhúnlaigh sibh a saolta, ag tabhairt scileanna fadsaoil dóibh agus grá athnuaite don fhoghlaim”, a dúirt sí.

 

 “Is eagraíocht fhoghlama é BOOCCC ar an gcéad dul síos. Cuirimid conairí oideachais ar fáil in ionaid oiliúna agus i suíomhanna pobail, agus i scoileanna agus coláistí chomh maith. Creidim go láidir gur pribhléid é an obair a dhéanaimid a dhéanamh agus cabhrú le saolta na ndaoine óga agus na n-aosach a mhúnlú agus iad ag tosú ar chonairí éagsúla sa saol agus ag bláthú tríd an bhfoghlaim. Chabhraigh sibh le daoine aonair agus le pobail a mhúnlú, agus ba chóir daoibh a bheith an-bhródúil as sin”, a dúirt sí.

 

Ag fostú 1,377 duine, tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) ina phríomhsholáthraí oideachais agus oiliúna san oirdheisceart, a chuireann ar chumas 15,000 foghlaimeoir blaintúil a gcumas a bhaint amach trí chonairí oideachais a thairiscint i scoileanna, i gcoláistí, in ionaid oiliúna agus i suíomhanna pobail. Áirítear le sainchúram BOOCCC bainistiú agus feidhmiú 13 iarbhunscoil, dhá choláiste breisoideachais agus oiliúna, raon leathan seirbhísí oideachais aosaigh agus pobail ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach, comhordú seirbhísí óige, agus cur chun cinn oideachais ceoil trí Music Generation.

 

Fortheideal na príomhíomhá: Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis, Comhordaitheoir Oideachais Aosaigh BOOCCC Carmel Bryan; Breda Rookard, Margaret Campion, Kathie Hamilton, Eamon Mealy, Cathleen Deegan, agus Catherine O’Dowd atá ar scor ar Litearthacht Aosach de chuid BOOCCC; Oifigeach Oideachais Aosaigh BOOCCC Bernadette O’Rourke, Stiúrthóir FET Martha Bolger

Léim ar ábhar