KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

BOOCCC Ceiliúrann Seirbhís Oideachais do Dhaoine Fásta Cheatharlach Rath Mac Léinn

Chuir Seirbhís Oideachais do Dhaoine Fásta Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) fáilte roimh mhic leinn le déanaí chuig maidin cheiliúrtha ‘Go Raibh Maith Agaibh’ san Óstán na Seacht nDair Cheatharlach

 

Tháinig mic léinn ó Sheirbhís Foghlama do Dhaoine Fásta Cheatharlach, Oideachas Pobail, an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI), Seirbhís um Threoir san Oideachas Aosach Cheatharlach, Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS) agus Ógtheagmháil – seirbhísí BOOCCC ar fad – le chéile chun a ratha agus ngaiscí i rith na bliana a cheiliúradh

 

Thug an imeacht sona deis do na mic léinn nascadh agus líonrú a dhéanamh faoine n-eispéiris foghlama. Bhí baill foirne i láthair chun deiseanna breise foghlama a phlé, lena n-áirítear na roghanna dul chun cinn atá ar fáil dóibh sa bhreisoideachas agus oiliúint

Mic léinn ó VTOS Ceatharlach

 

Trína Sheirbhís Oideachais do Dhaoine Fásta, cuireann BOOCCC raon leathan deiseanna foghlama ar ardchaighdeán ar fáil do dhaoine fásta ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach. Tá sé mar aidhm ag an seirbhís daoine fásta a spreagadh, a chumasú agus a tacaíocht a thabhairt dóibh ar mian leo filleadh ar an oideachas chun leas a bhaint as na deiseanna oideachais is fearr a oireann dá gcuid riachtanas

 

Áirítear le cúrsaí agus tacaíochtaí bunoideachas go Leibhéal 6 thar raon leathan cúrsaí páirtaimseartha agus lánaimseartha, lena n-áirítear: cúram sláinte, gnó, cúram leanaí, léitheoireacht agus scríbhneoireacht, ealaín, TFC, matamaitic, gairneoireacht agus miondíol.

Mic léinn ó Ionad Foghlama Aosaigh Cheatharlach

 

Rinne Príomhfheidhmeannach BOOCCC, Eileen Curtis, comhghairdeas le na mic léinn as a gcuid oibre crua agus a mbuanseasmhacht i rith na bliana. Tharraing sí aird ar na mbuntáistí a bhaineann leis an bhfoghlaim sa ghnáthshaol laethúil agus spreag sí na mic léinn chun leanúint ar aghaidh ar a dtreo d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Bronnadh plaic bláthanna léirithe BOOCCC uirthi a bhí cruthaithe ag na bhfoghlaimeoirí

 

Thug an t-aoichainteoir, Richard Burke, stiúrthóir bainistíochta Resilience Matters, caint géarchúiseach ar bainistíocht ar an strus agus ar acmhainneacht a thógáil. Ina chur i láthair, luaigh Richard dá mhéad is féidir linn bogadh i dtreo ár spriocanna agus ár n-aidhmeanna, is amhlaidh is mó is féidir linn na “dragain inár gceann” a ruaigeadh. Labhair sé faoi na dúshláin agus na buntáistí a bhaineann le hoideachas agus conas, cé go mbíonn sé deacair uaireanta, is féidir le hoideachas athrú saoil i ndeireadh na dála

 

Leag an imeacht béim freisin ar chuid den obair iontach laistigh de BOOCCC le taispeántas potaireachta idirghníomhach faoi stiúir Jayne Foley, Teagascóir Oideachais Pobail.

 

Shane Rooney, Michelle Keogh, Melissa Dowling, Aisling Loughran agus Jennie Fitzpatric

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais Tel: 0599140311 R-phost: info@vtoscarlow.ie

Seirbhís Oideachais do Dhaoine Fásta Cheatharlach Tel: 0599135544 R-phost: info@carlowadultlearningcentre.ie

Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas Tel: 0599139532 R-phost: bteicarlow@kilkennycarlowetb.ie

Oideachas Pobail Tel: 0599179376 R-phost: fdunne@kcetb.ie

Treoir san Oideachas Aosach Cheatharlach Tel: 0599133123 R-phost: info@carlowadultguidance.ie

Ógtheagmháil Cheatharlach Tel: 059 9142032 R-phost:.info@carlowyouthreach.ie

 

Fortheideal don phríomhíomhá: Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis á bhronnadh ag foghlaimeoir de chuid VTOS Cheatharlach Adam Flanagan le mósáic speisialta

 

 

Léim ar ábhar