KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Faigheann aíonna an méid a raibh ag dul dóibh ag imeacht Acadamh Fáilteachais an BOOCCC

D’óstáil foireann Seirbhísí na hOiliúna ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) imeacht ar leith an tseachtain seo d’fhostóirí agus d’ionadaithe tionscail ó earnáil an fháilteachais ar fud Cheatharlach agus Chill Chainnigh ag Acadamh Fáilteachais an BOOCCC i bPáirc Ghabhrán.

 

Gillian Ryan, Bainisteoir Seirbhísí Oiliúna Cúnta BOOCCC le (clé ar chlé): Mary Prior Butler, Bainisteoir Seirbhísí Oiliúna BOOCCC; Ray Cullen, Bainisteoir Comórtas Scileanna, Worldskills; Noel Davidson, Acadamh na bhFiontraithe; Gabrielle Carroll, Comhordaitheoir Rannpháirtíochta Fostóra BOOCCC

Tharla an ócáid shona seo le linn Sheachtain tionscnaimh an BOO, ceiliúradh seachtaine ar mhic léinn, ar fhoireann agus ar sheirbhísí an BOOCCC deich mbliain ó bunaíodh é.

 

Bhain na haíonna taitneamh as an bhfáiltiú le gloinní coirdial bláthanna troim agus canaipéanna arna n-ullmhú ag foireann printíseachta chef commis de chuid an BOOCCC á gcur ar fáil dóibh. Ina dhiaidh sin bhí turas idirghníomhach ar Acadamh Fáilteachais an BOOCCC, áit ar chonaic na haíonna an chistin oiliúna gairmiúla i mbun gníomhaíochta, ullmhúchán an tseomra bia den scoth agus háiseanna oiliúna na bheáir. Bhain siad triail fiú as oighriú maisiúil a dhéanamh!

 

Tosaíodh ar dhíospóireacht phainéil inar áiríodh: Virginia Bohan, Oifigeach Údaraithe SOLAS agus duine de shaineolaithe printíseachta an BOOCCC; Marcella Hughes, teagascóir chef commis an BOOCCC agus a d’oibrigh i mbialanna réaltacha Michelin; Morgan Farrell, teagascóir chef commis; agus Gareth Brennan, printíseach iarchéime agus chef sous anois in Óstán Avalon House i gCaisleán an Chomair

Teagascóirí cócaire commis BOOCCC Marcella Hughes agus Morgan Farrel

 

 

Bhuail na haíonna le foireann Teagmhála le Fostóirí de chuid an BOOCCC agus tugadh cuireadh dóibh comhoibriú ar thionscadail oiliúna amach anseo chun tacú le hearnáil an fháilteachais i gCeatharlach agus i gCill Chainnigh. Chuir císte Comórtha 10 mbliana deireadh buacach leis an ócáid!

 

Agus deireadh á chur aici leis an ócáid, dúirt Príomhfheidhmeannach an BOOCCC Eileen Curtis, “Tá foireann uile an BOOCCC an-sásta faoin méid atá le teacht don BOO i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach. Tá an uaillmhian agus an díograis ag ár bhfoireann leanúint ar aghaidh leisr an sárobair atá ar siúl anseo in Acadamh an Fháilteachais, agus tá fonn uirthi obair i gcomhar libhse féin agus le bhur gcomhghleacaithe in earnáil an fháilteachais - earnáil atá chomh ríthábhachtach sin do rathúnas réigiún an Oirdheiscirt - deiseanna dáiríre na hoiliúna a chur ar fáil do na fostaithe agaibhse. Creidimid gur féidir linn i gcomhar a chéile ionad oiliúint an fháilteachais den scoth a chruthú agus baineann rí-thábhacht ar leith le bhur gcomhoibriú agus le bhur n-ionchur d'fhonn a leithéid cuspóire a bhaint amach”.

Léim ar ábhar