KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Seoladh Náisiúnta an Ghradaim Sainchuspóire Leibhéal 3 san Fhoghlaim chun Tacú le Leanaí sa Bhunscoil

(Dé Ceadaoin an 1 Márta 2023) – D’fhógair Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) inniu mioneolas faoi ghradam nua na sainchuspóirí a thugann aitheantas foirmiúil do tuismitheoirí sa ról acu mar phríomhoideachasóirí a gcuid leanaíí i réimsí mar an litearthacht, an uimhearthacht agus an litearthacht dhigiteach agus a thugann an tacaíocht dóibh lena leithéid a dhéanamh.

 

Rinne an BOOCCC Gradam Sainchuspóire Leibhéal 3 san Fhoghlaim chun Tacú le Leanaí sa Bhunscoil a fhorbairt i gcomhar le naoi mbord oideachais agus oiliúna eile agus cuirfidh sé roghanna deimhniúcháin ar fáil d'fhoghlaimeoirí a ghlacann páirt i gcláir foghlaim an teaghlaigh. Aithnítear an gradam go náisiúnta agus déanfar á bhronnadh ag Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (CCÉ), an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as gradaim an bhreisoideachais agus an ardoideachais a dheimhniú. Cuirfear an tionscnamh i bhfeidhm i gcomhar le geallsealbhóirí áitiúla.

 

D'fhógair an BOOCCC an mioneolas faoin ngradam nua ag ócáid ar leith in Ostán Lord Bagenal, Co Cheatharlach mar chuid de Sheachtain tionscnaimh an BOO. Aithníon an ceilliúradh fad-sheachtaine seo ar mhic léinn, ar bhaill foirne agus ar sheirbhísí an BOO an deich mbliain ó bunaíodh 16 bhord an oideachais agus na hoiliúna in Éirinn

 

Ag labhairt di ag an imeacht, dúirt Príomhfheidhmeannach an BOOCCC Eileen Curtis, “Is bródúil an lá ata againn inniu agus an obair ag deich gcinn de bhoird an oideachais agus na hoiliúna – lena n-áirítear an BOOCCC – ag teacht chun críche nuair a tugadh isteach Gradam Sainchuspóire Leibhéal 3 san Fhoghlaim chun Tacú le Leanaí sa Bhunscoil. Is mór í an tábhacht a bhaineann le haitheantas oifigiúil a thabhairt d’obair na dtuismitheoirí sa ról acul mar phríomhoideachasóirí a gcuid leanaí, agus tá súil againn go spreagfaidh sé tuismitheoirí ina gcuid foghlama féin. Gabhaim buíochas le gach éinne a ghlac páirt ina fhorbairt”.

 

Ba cheart d’éinne ar spéis leis tuilleadh a fháil amach faoin gclár dul i dteagmháil le Seirbhís na Litearthachta d’Aosaigh de chuid an BOOCCC nó féachaint ar www.kcetb.ie le haghaidh tuilleadh faisnéise..

 

Ba í príomhchainteoir na hócáide ná an tOllamh Áine Hyland, Ollamh Emeritus an Oideachas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, a dúirt nach féidir gannmheas a dhéanamh ar ról na dtuismitheoirí, agus iad ag obair i gcomhar leis an scoil.

 

“Baineann príomhról leis an teaghlach agus leis an bpobal lárnach i bhfhorbairt aon bheartas an oideachas agus ní hamháin gur ar leas na leanaí agus na scoile í rannpháirtíocht na dtuismitheoirí – ach is gné ríthábhachtach den fhoghlaim fadsaoil í chomh maith. Comhghairdeachas leis an BOOCCC as seoladh an Ghradam Sainchuspóirí CCÉ Leibhéal 3 seo do Chláir Foghlama Teaghlaigh. Is deis é seo le haghaidh gradam nua seo a ghlacadh i bpobail eile”, a dúirt an tOllamh Hyland.

 

Luaigh Yvonne McKenna, atá ina stiúrthóir ar Oifig an Chláir Náisiúnta um Litearthacht Fadsaol na n-Aosach le SOLAS, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, an méid a bhí ag Simon Harris ina réamhrá ar straitéis Litearthacht Fadsaol na n-Aosach (ALL) le déanaí nuair a dúirt sé, ‘Ní mór dúinn tabhairt faoin míthuiscint gur teip ar an duine é míchumas léamh, scríobh nó cumarsáid dhigiteach. Teip ar an bpobal agus ar an Stát atá inti….Tá a fhios againn gur cineál na cumhachta í an litearthacht agus cuirimis, mar sin, ar a gcumas gach éinne in Éirinn a bheith a dhícheall a bhaint amach’

 

Dar le Stiúrthóir na nGradam ag Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (CCÉ) Barbara Kelly, tá an CCÉ thar a bheith sásta aitheantas a bhronnadh ar an ngradam speisialta seo agus dúirt sí gur bealach oiriúnach é lena chinntiú go dtabharfaí an t-aitheantas ceart d’obair dá leithéid amach anseo. “Tuigimid go mb’fhéidir gurb é an bealach is flaithiúla chun filleadh ar fhoghlaim na n-aosach ná páirt dhearfach a ghlacadh i gconair oideachais do linbh agus ceadaíonn a leithéid freisin do thuismitheoirí a bheith athpháirteach in athuair nó cur leis an aistear foghlama féin acu”, a dúirt sí.

 

Teideal: Sa phictiúr ag seoladh náisiúnta an Ghradaim Sainchuspóire Leibhéal 3 san Fhoghlaim chun Tacú le Leanaí sa Bhunscoil, arna stiúradh ag an BOOCCC, tá: Stiúrthóir BOOCCC ar an BOO Martha Bolger; Stiúrthóir Bronnadh na nGradam ag Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (CCÉ) Barbara Kelly agus Príomhfheidhmeannach an BOOCCC Eileen Curtis.

Léim ar ábhar