KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Múinteoir as Cill Chainnigh roghnaithe mar Laoch Náisiúnta an BOO

(Dé Céadaoin an 1 Márta, 2023) - Tabharfar ómós do mhúinteoir díograsach ó Chill Chainnigh amárach ag searmanas ar leith i bPáirc an Chrócaigh agus tabharfaidh sé tús áite i bhfeachtas náisiúnta físe in éineacht le léitheoir nuachta de chuid RTÉ Ray Kennedy.

 

Roghnaíodh Michael Farrell, múinteoir Béarla agus Tíreolaíochta i nGairmscoil Chathair Chill Chainnigh, mar pháirt a ghlacadh i bhfeachtas spreagúil Laochra an BOO (Bord Oideachais agus Oiliúna)) ina mbeidh foghlaimeoiría reatha, iar-fhoghlaimeoirí agus baill foirne ar bhain fheabhas sna réimse roghnaithe acu agus a léiríonn an scoth thar ceann an mhéid is fearr atá á dhéanamh ag Bord an Oideachais agus na hOiliúna.

 

Tá Gairmscoil Chathair Chill Chainnigh (GSCC) ar cheann de 13 scoil, dhá choláiste an bhreisoideachais agus na hoiliúna agus 24 ionad an bhreisoideachais agus na hoiliúna arna bhfeidhmiú ag an BOOCCC atá chéad sheachtain BOO agus chéad Lá an BOO (an 2 Márta) á gceiliúradh acu i dteannta le 15 ionad eile an oideachais agus na hoiliúna eile ar fud na tíre. Seolfar feachtas Laochra an BOO amárach ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh do Sheachtain an BOO, arna eagrú ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ).

 

Sé Michael an “laoch gan moladh” amháin san fheachtas agus beidh sé i dteannta le léitheoir nuachta agus iriseoir RTÉ Ray Kennedy, an t-amhránaí/scríbhneoir na n-amhrán Tolü Makay, láithreoir spóirt TG4 Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus an snámhóir Oilimpeach Jack McFadden ag glacadh páirte i bhfeachtas Laochra an BOO in éineacht le cúigear mac léinn ar spreagadar.

 

Ag páirt á ghlacadh ag san fheachtas físe i dteannta le Michael, tá iar-mhac léinn aige Alauddin Mohammad a tháinig go hÉirinn sé bliain ó shin mar dhídeanaí chomh maith lena bheirt deartháireacha níos sine. Ní raibh a thuismitheoirí in ann páirt a ghlacadh leo agus ní raibh aon Bhéarla ag Alauddin ach ghlac sé páirt i ngach rud a bhí á dhéanamh ag GCSS, áit ina raibh tionchar mór ag an Uasal Farrell. Dúirt Alauddin gur thóg Michael faoinachúram mar loco parentis agus go raibh sé ar fáil dó i gcónaí. Agus ina mhac léinn cuntasaíochta sa Chéad Bhliain ag OTOD Phort Láirge anois e, dúirt Alauddin gur “chabhraigh Michael liom mo dhéanamh mar an bhfear atá inniu ann”.

 

Beidh Alauddin in éineacht le Michael Farrell agus na laochra eile i bPáirc an Chrócaigh amárach le haghaidh Lá an BOO a cheilliuradh ag a mbeidh an feachtas físeáin á thaispeáint don chéad uair. Thug BOO-Éireann cuireadh freisin d'Alauddin agus do Michael Farrell ceann de Ghradaim Barr Fheabhais an BOO a chur i láthair alena hóstáil ag an am chéanna ag léitheoir nuachta RTÉ agus a chomh-Laoch an BOO Ray Kennedy.

 

Tháinig Michael, arbh as Achadh Úr dó ó dhúchais dó, isteach le foireann Ghairmscoil Chathair Chill Chainnigh sa bhliain 2011. Dúirt sé, “Bhí ionadh iomlán orm nuair a fuair mé a leithéid amach agus chuaigh sé thar fóir orm. Is iontach an rud é d’fhoireann iomlán an BOOCCC. Is breá liom a bheith ag múineadh agus táim fós i dteagmháil le móran iardscoláirí a dtagann isteach go minic chun beannacht orm”.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis go bhfuil mór-áthas ar bhaill foirne uile na heagraíochta do Michael agus Alauddin. “Nuair a chualamar faoi fheachtas na Laochra de chuid an BOO, dúradh linn go mbeadh laoch amháin gan moladh san fheachtas – mac léinn nó ball foirne nach bfhuil clú nó cáil aige mar ainm mór le rá ach gur fíorlaoch atá ann. D’ainmíoamar Michael Farrell agus tá an oiread sin sceitimíní orainn gur roghnaíodh é. Léiríonn Michael scoth na heagraíochta againne agus is duine den iliomad múinteoirí agus teagascóirí tiomnaithe agus cumasacha ar fud an BOOCCC a chuidíonn le saol na ndaoine a athrú chun feabhais. Ghabhaimid comhghairdeas ó chroí leis agus le Alauddin”, a dúirt sí.

 

Mas mian leat mioneolas faoi Sheachtain an BOO a fháil, lean #ETBDay #LáETB

 

Teideal: Déanann Cathaoirleach BOOCCC, an Comhairleoir Fergal Browne bronnadh ar mhúinteoir KCVS Michael Farrell mar aitheantas ar a roghnú mar cheann de chúigear Laoch náisiúnta BOO amháin

Léim ar ábhar