KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

BOOCCC chun a chuid mic léinn, baill foirne agus seirbhísí a cheiliúradh le seachtain tionscnaimh an BOO

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) le deich mbliana a chomóradh ó bunaíodh é níos déanaí an mhí seo le ceiliúradh seachtaine ar a chuid mac léinn agus a chuid foirne, ag léiriú na seirbhísí a chuireann sé ar fáil do 15,000 foghlaimeoirí in aghaidh na bliana ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach.

 

Le linn Sheachtain tionscnaimh an BOO (27 Feabhra-3 Márta), atá le chríochnú ar Lá BOO Déardaoin an 2 Márta, beidh BOOCCC agus na boird oideachais agus oiliúna eile ar fud na tíre ag reáchtáil imeachtaí ar fud a gcuid scoileanna, a gcuid oifigí agus a gcuid ionad. I measc na n-imeachtaí agus na dtionscnamh náisiúnta atá beartaithe tá: na chéad Ghradaim Barr Fheabhais an BOO i bPáirc an Chrócaigh arna óstáil ag léitheoir nuachta RTÉ Ray Kennedy; seoladh an chomórtais um amhrán an BOO a scríobh; agus feachtas meán spreagúil Laochra an BOO ina bhfuil cúigear iar-fhoghlaimeoirí, foghlaimeoirí reatha agus baill foirne a bhain barr feabhais amach ina réimse roghnaithe ag glacadh páirte agus a léiríonn an méid is fearr atá á bhaint amach ag na Bord Oideachais agus Oiliúna. Ar dhuine de laochra an fheachtais, tá múinteoir Gairmscoil Chathair Chill Chainnigh Michael Farrell.

 

Ag cur leis na gníomhaíochtaí náisiúnta, cuirfidh BOOCCC tús agus críoch le seachtain an BOO le dhá imeacht cheiliúrtha: ócáid seolta ag Coláiste Tyndall don fhoireann agus do na geallsealbhóirí in éineacht le craoladh seachtrach ó KCLR96FM Dé Luain an 27 Feabhra, agus sraith cóisirí tae foirne in ionaid, scoileanna agus oifigí éagsúla Dé hAoine an 3 Márta chun deireadh a chur leis an seachtain.

 

Idir an dá linn, tá roinnt tionscnamh beartaithe chun BOOCCC agus a chuid sheirbhísí a léiriú. Ina measc tá: imeacht faoi dheiseanna na oiliúna atá ar fáil d’fhostóirí fáilteachais agus d’fhoghlaimeoirí ag Acadamh Fáilteachais an BOOCCC i nGabhrán; ceardlann do threoirchomhairleoirí ar sholáthar oideachas an BOOCCC in Óstán Hoban; agus imeacht foghlama teaghlaigh, lena n-áirítear seoladh Gradaim na Sainchuspóirí, ag an Lord Bagenal Inn. Cuirfear béim ar éiteas scoileanna an BOOCCC ag ócáid ar leith i nGairmscoil na Buiríse ar an 1 Márta, le hoscailt aonad ar leith an uathachais mar bhuaicphointe aici. Ar leithligh, déanfaidh foghlaimeoirí ar fud Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (SBO) an BOOCCC ceiliúradh agus éisteofar lena nglór ag tionscnamh Guth an Fhoghlaimeora ar leith Dé Máirt an 28 Feabhra in Óstán Dolmen Ceatharlach.

 

Dúirt an Comhairleoir Fergal Browne, cathaoirleach an BOOCCC, go léiríonn na himeachtaí atá beartaithe do sheachtain tionscnaimh an BOO raon agus fairsinge sheirbhísí an BOOCCC. “Bunaíodh an BOOCCC deich mbliain ó shin chun seirbhísí an oideachais, na hoiliúna agus obair na hóige a chur ar fáil ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach. Tá fás mór tar éis teacht orainn ó shin i leith agus táimid faoi láthair ag cur an oideachais ar fáil do 15,000 foghlaimeoir in aghaidh na bliana. Is ollmhór iad raon feidhme agus fairsinge ár gcuid seirbhíse. Déanaimid agus 13 iar-bhunscoil a fheidhmiú agus a bhainistiú chomh maith le dhá choláiste um bhreisoideachas agus oiliúint, agus raon an-fhairsing seirbhísí oideachais na hóige, na naosach agus an phobail ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach. Is deis í Seachtain an BOO, lena n-áirítear Lá an BOO Déardaoin an 2 Márta, buíochas a ghabháil lenár bhfoireann agus aird a tharraingt ar an obair rí-thábhachtach a dhéanann siad ar ár son. Is deis freisin é éachta ár gcuid mac léinn a cheiliúradh, ón iar-bhunoideachas go dtí an bhreisoideachas agus an oiliúint”.

 

Ag trácht á dhéanamh aici ar Sheachtain an BOO , dúirt Príomhfheidhmeannach an BOOCCC, Eileen Curtis, “Tugann Seachtain tionscnaimh an BOO deis dúinn, mar eagraíocht foghlama, machnamh a dhéanamh ar an méid a bhfuil bainte amach againn le deich mbliain anuas laistigh de pobail Chill Chainnigh agus Cheatharlach ar a bhfreastalaímid. Is deis freisin é béim a leagan ar an bpríomh-chreideamh againne go bhfuil an fhoghlaim ann ar leas gach éinne, go bhfuil an cumas ag an bhfoghlaim saolta a athrú agus pobail a thógáil, agus go gcuireann ár scoileanna agus ár n-ionaid um bhreisoideachas agus oiliúint conair oideachais ar fáil do gach mac léinn. Sé atá mar aidhm againn ná go n-éireoidh le gach mac léinn againn trí Fhoghlaim leis an BOOCCC. Is deis é seo an obair a dhéanaimid agus an t-éiteas a chuirimid chun cinn inár scoileanna agus inár nionaid ar fud an dá chontae a thaispeáint”.

 

Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC), ar chumas 15,000 foghlaimeoir in aghaidh ne bliana a lánacmhainneacht a bhaint amach trí shraith conairí an oideachais a thairiscint sna scoileanna, sna coláistí, sna hionaid oiliúna agus i suíomhanna an phobail. Áirítear le réimse chúraim an BOOCCC bainistiú agus feidhmiú 13 iar-bhunscoil, dhá choláiste breisoideachais agus oiliúna, raon leathan seirbhísí an aosoideachais agus oideachas an pobail ar fud Contaethe Chill Chainnigh agus Cheatharlach, comhordú seirbhísí na hóige, agus cur chun cinn oideachas an cheoil trí Music Generation. Tá 1,377 nduine fostaithe ag an eagraíocht a oibríonn ar bhuiséad €80 miliúnn in aghaidh na bliana.

 

Mas mian leat mioneolas faoi Sheachtain an BOO a fháil, lean #ETBDay #LáETB

 

Fotheideal: Tháinig rogha mac léinn agus baill foirne a rinne ionadaíocht thar ceann leathan seirbhísí Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) le chéile chun sonraí faoi Sheachtain tionscnaimh BOO a fhógairt (27 Feabhra - 3 Márta). Sa phictiúr ar ais ó chlé: printíseach commis cócaire Zdenka Struk; Ryan O’Neill, Ógtheagmháil Chill Chainnigh; mac léinn eachaí Ionad Eachaíochta Grennan Jessica Kennedy; mac léinn Ghaelcholáiste Cheatharlach Scott Ó Laitheasa; Ollie Murphy, Lá Nua, Ceatharlach; Thomas Radulescu, Lá Nua, Ceatharlach; Paddy Cunningham, foghlaimeoir Oideachas Pobail de chuid KCETB (Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann); Alina Patrascu, BTEI Ceatharlach; Gaelcholáiste Cheatharlach student Elliot Ó Finn. Ó chlé: mac léinn Cheatharlach de chuid Music Generation Alex Treacy Lawlor; mac léinn Choláiste Tyndall Serena Ehigiamusoe; Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis; mac léinn táthú Seirbhísí Oiliúna BOOCCC Áine Cunnane; Cathaoirleach BOOCCC An Comh. Fergal Browne; Mac léinn ealaíne VTOS Chill Chainnigh Oana Alexandra Moarcas 

 

Léim ar ábhar