KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Geallann BOOCCC €1.2 milliún do Sheirbhísí na hÓige i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach

(Dé Máirt an 17 Eanáir, 2023) - Tabharfar €1.2 milliún do sheirbhísí na hóige agus do chlubanna na hóige deonacha i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach sa bhliain 2023 chun cláir, tacaíochtaí agus seirbhísí oibre óige nuálacha, freagrúla agus cuimsitheacha a chur do dhaoine óga.

 

D'eisigh Oifig an Óige de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) inniu an fógra ag seoladh a foilseacháin Próifíl Oifig na hÓige 2022-2023. Tá Oifig Óige an BOOCCC freagrach as soláthar, comhordú, riarachán agus measúnú obair na óige i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach. I measc soláthróirí Seirbhísí na hÓige a mbainfidh leas as an maoiniú, tá Seirbhísí Óige Osraí, Seirbhísí Óige Réigiúnacha Cheatharlach, Tionscadal Óige DRUM de chuid Foróige agus Caifé na Sláinte Cill Chainnigh, agus roinnt clubanna deonacha na hóige agus agus grúpaí deonacha ar fud an dá chontae.

 

Ag labhairt di ag seoladh Próifíl Oifig na hÓige 2022-2023 , duirt Oifigeach Óige an BOOCCC Mairead Donohoe, “Tá an BOOCCC geallta le luach agus le tábhacht obair na hóige a chur chun cinn agus le tacaíocht a thabhairt do sholáthar agus do chleachtas na hoibre ar ardchaighdeáin don aos óg. Sí atá mar aidhm againn sa bhliain 2023 ná forbairt leanúnach an dea-rialachais agus na maoirseachta agus oibriú i gcomhar lenár gcuid mhaoinitheoirí, an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíocht agus Óige (RLCMLÓ), agus leis na heagraíochtaí áitiúla um obair na hóige."

 

Tagann Próifíl Oifig na hÓige 2022-2023 an BOOCCC ag an am céanna le seoladh an fheachtas bolscaireacht físeáin a leagann béim ar ról agus ar freagracht an BOOCCC maidir le seirbhísí agus tionscadail obair na hóige ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach. Léiríonn na físeáin na buntáistí agus an leas a mbaineann le hobair hóige ó thaobh na ndaoine óga, na n-oibrithe óige agus n-eagraíochtaí um obair na hóige de. Craolfar an tsraith fhíseáin thar ardáin na meán sóisialta de chuid an BOOCCC.

 

Dar le Martha Bolger, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna BOOCCC, “Mar an soláthraí is mó tionscnamh an oideachais, na hoiliúna agus obair na hóige i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach, tá áthas ar BOOCCC a dhearbhú go bhfuil €1.2 milliún geallta do sheirbhísí na hóige agus do chlubanna deonacha na hóige i gCill Chainnigh. agus i gCeatharlach sa bhliain 2023 maidir lena gcuid cláir obair na hóige agus le na tacaíochtaí agus na seirbhísí acu. Sampla amháin atá sna tionscadail ar nós “ Your Place Your Space” UBU (D'Ait Féin, Do Spás Féin) atá dírithe ar dhaoine óga idir 10 agus 24 bhliain d’aois, de na tacaíochtaí iontacha lasmuigh den scoil a chuirtear ar fáil trí Sheirbhísí an Óige againne agus táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh leo siúd agus le tionscadail eile, sa bhliain atá le teacht”.

 

Ag labhairt di ag an seoladh, ghabh Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis buíochas le foireann Oifig na hÓige agus le baill an choiste um obair na hóige as an tacaíocht leanúnach agus as treoir leanúnach acu chun raon leathan na dtacaíochtaí, na gclár agus tionscnamih na hoibre don aos óg a chur chun cinn do dhaoine óga ar fud Chill Chainnigh agus Ceatharlach.

 

Tá tuilleadh eolais faoin BOOCCC le feiceáil ag www.kcetb.ie

 

Foreann BOOCCC sa phictiúr ag seoladh Próifíl Oifig na hÓige 2022-2023: Martha Bolger; Eileen Curtis; Mairead Donohoe; Saoirse Prendergast agus Sarah Barron

 

 

Léim ar ábhar