KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Ceolchoirm ‘Sing Out’ Glún Ceoil Chill Chainnigh díolta amach!

(Dé Máirt, 20 Nollaig 2022) – Díoladh ceolchoirm 'Sing Out' Glún Ceoil Chill Chainnigh, a bhí ar siúl in Ardeaglais Chainnigh aréir, amach le coicís anuas - agus is éasca a leithéid a thuiscint.

 

Bhain siad siúd a raibh an t-ádh leo ticéad a fháil lánshuilt ceoil 90 nóiméad as an méid a chuir na ceoltóirí óga de chuid Glún Ceoil Chill Chainnigh rompu ag taibhiú na hoíche aréir – sular ndeacaigh an lucht féachana abhaile agus iad lán le suáilceas agus áthas na Nollag.

Tara Kovarova ag canadh

 

Le sé sheachtain anuas, bhí 200 páiste ó Bhunscoil na mBráthar, Gaelscoil Osraí, Bunscoil Naomh Eoin Dé agus Tionscadal Scoil Chill Chainnigh ag ullmhú clár amhráin fhéile ina ranganna féin mar chuid de cheardlanna seachtainiúla le hoidí ceoil Glún Ceoil Chill Chainnigh. Barbara Kelly agus Clare Kilkenny. Aréir, tháinig na scoileanna siúd ar leith le chéile ar an stáitse in Ardeaglais Chainnigh agus chuir siad ar fáil – agus fuair a léiriú croíúil moladh seasta ón lucht féachana.

 

Kilkenny School Project Strings.

Is cuid de chlár náisiúnta oideachais ceoil na hÉireann é Glún Ceoil Chill Chainnigh arna thionscnamh ag Líonra an Cheoil agus arna chómhaoiniú ag U2, The Ireland Funds, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus comhpháirtíochtaí áitiúla um oideachais an ceoil. Iarrann an clár saol leanaí agus ógánaigh a athrú go dtí 18 mbliain d’aois acu trí rochtain a chruthú ar theagasc an cheoil ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta ina gcuid ceantair, Tá an clár á stiúradh go háitiúil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC), i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Chill Chainnigh.

 

Chuir ceoltóirí óga ó chlár teaghrán Tionscadal Scoile Chill Chainnigh tús leis an seó. Thosaigh an clár seo, le haghaidh dhaltaí rang a trí go dtí rang a sé, tar éis na paindéime agus tá sé ag dul i neart faoi stiúir oide ceoil de chuid Glún Ceoil Chill Chainnigh, Carl Rochford.

 

Ina dhiaidh sin tháinig rogha de ghrúpaí gutha agus aonréadaithe ó Achar Ceoil de chuid Glún Ceoil Chill Chainnigh. Chan Tara Kovarova Have a Holly Jolly Christmas; rinne Mikey Dorney agus Jessica Kirk díséad le Prince of Peace. Thug Enya Cox léiriú bríomhar de Have Yourself a Merry Little Christmas le Carl Rochford á tionlacan ar an veidhlín. Sheinn Clare Keating, Tara Kovarova agus Julieann Fitzpatrick Somewhere in My Memory, a bhí á sheinnt sa scannán Home Alone.

Clare Keating, Julieann Fitzpatrick agus Tara Kovarova.

 

Enya Cox ag canadh

Chuaigh an cór Sing Out ar stáitse tar éis an eatraimh agus sheinn siad rogha amhráin fhéile ar nós Jingle Bells agus Rudolph the Red Nose Reindeer.

 

Tar éis fáilte ó chroí a fháil ó Dhéan Ardeaglais Chainnigh, an tUrramach Stephen Farrell, d’fheidhmigh Sinead Blanchfield, oifigeach forbartha ceoil le Glún Ceoil Chill Chainnigh, mar reachtaire na ceolchoirme agus labhair sí faoin aidhm aici Cill Chainnigh a dhéanamh ina contae na hamhránaíochta. Ghabh sí buíochas leis na daltaí, na múinteoirí, na príomhoidí agus oidí Glún Ceoil Chill Chainnigh: Clare Kilkenny (Ceol Gutha/Stiúrthóir), Barbara Kelly (Ceol Gutha/Piano), Jeremy Hickey (Cnaguirlisí), Colin Power (Giotár), Carl Rochford (Veidhlín) agus Mark Colbert (innealtóir fuaime).

 

Dúirt sí, “Cuireann sé áthas orm an tacaíocht a fuair ár gceoltóirí óga tráthnóna a fheiceáil ó lucht féachana díolta amach in Ardeaglais iontach Chainnigh. Chuir na leanaí chomh dian sin leis an gceolchoirm agus ba é seo an chéad uair ar seinn mórán acu go poiblí. Tá flúirse an chumais óga ar fáil i gCill Chainnigh agus is ceann de na misin agam mar oifigeach forbartha ceoil ná an cumas sin a chothú agus aird an phobail a tharraingt air trí dheiseanna taibhithe ar nós cheolchoirm na hoíche anocht a chur ar fáil. Ba mhaith liom Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Shéan a ghuí ar ár gcuid comhpháirtithe agus ar ár gcuid maoinitheoirí go léir”.

Mark Colbert; Barbara Kelly; Eileen Curtis; Mary Butler; Sinead Blanchfield; Clare Kilkenny; Rosaleen Molloy; Jeremy Hickey agus Colin Power.
Stiúrthóir Náisiúnta Glún Ceoil na hÉireann Rosaleen Molloy,

 

D’fhreastail Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Chill Chainnigh Mary Butler agus Stiúrthóir Náisiúnta Glún Ceoil na hÉireann Rosaleen Molloy, a tháinig ar thuras ar leith ó Bhaile Átha Cliath chun féachaint ar an léiriú, ar an gceolchoirm freisin.

 

 

Labhair Rosaleen Molloy ag deireadh na ceolchoirme faoi chlár Glún Ceoil agus an ról tábhachtach atá aige chun taibhiú ceoil a thabhairt chuig an oiread sin leanaí agus daoine óga. Agus í ag moladh na gceoltóirí óga, chuir sí síos ar a dtaispeántas mar “fhíorchbhrátharchas an cheoil - corraitheachach, fiúntach, barántúil agus thar bharr”.

 

Tá tuilleadh eolais faoi Ghlún Ceoil Chill Chainnigh ar fáil ag www.kcetb.ie nó trí rPhost a sheoladh chuig  musicgenerationkilkenny@kcetb.ie ,

 

Príomhtheideal pictiúr: An Cór "Sing Out"

Léim ar ábhar