KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Taitneamh bainte as ceolchoirm na Nollag ag Glún Ceoil Ceatharlach

(Déardaoin, an 20 Nollaig 2022) - Bhí halla spóirt Choláiste Aindriú lán go doras le fuaim an cheoil agus na hamhránaíochta oíche Dé hAoine seo caite le haghaid an chéad cheolchoirm beo de chuid Glún Ceoil Ceatharlach (GCC) le trí bhliain anuas.

 

Agus d’fhreastal na céadta ar an gceolchoirm, ina raibh an chéad léiriú de chuid Glún Ceoil Cheatharlach i Muine Bheag á chomóradh tar éis á aistriú go háitribh Choláiste Aindriú le déanaí.

 

B’fhiú fanacht leis an gceolchoirm agus bhain na haíonna suilt as raon iomlán an chláir a chuir Glún Ceoil Cheatharlach Cheatharlach ar fáil ar fud an chontae.

Mic léinn giotár ó Coláiste Aindriú

I measc na léirithe de chuid Chlár Bunscoile Encore bhí amhránaithe ó Scoil Náisiúnta Naomh Bríd, Muine Bheag a rinne a gcumadóireacht féin ar ghruaimcheol na Nollag faoin oide ceoil Elspeth Hayes. Sheinn ceoltóirí traidisiúnta ó Scoil Náisiúnta Dhún Leicne trí sheit ar bhfidil, ar an bhfeadóg stáin agus ar an mbainseó faoi stiúir an oide ceoil Brian Murphy.

 

I gClár Meánscoile Bravo, sheinn mic léinn an ghiotáir ó Choláiste Aindriú amhráin le Taylor Swift agus The Cranberries faoi stiúir an oide ceoil Paul Horahan.

 

I measc clár na n-ensemble, bhí seiteanna ó Reelig agus ó ReelÓg, faoi stiúir Aine Dohohoe. Sheinn Reelig meascán d’amhráin agus d'fhoinn. Tá páirt glactha ag na ceoltóirí seo ar fad le GCC ó thosaigh an clár sa bhliain 2013 agus seinneann siad go rialta mar cheoltóirí gairmiúla. Thaistil siad go Sitges i mí Dheireadh Fómhair na blianan 2022 chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann GCC ag Creative Connextions, Féile Ceoil Traidisiúnta na hÉireann agus an Chatalóin. Tá Rachel Kavanagh agus Diarmuid O Neill, baill den ensemble, ar ais san áit ar thosaíodar agus is oidí ceoil anois iad ar chlár an GCC.

Liam Gutkin, Tara Conroy agus Oliver Harding

 

Sheinn baill de Mhoil Phobail GCC léirithe aonair agus grúpaí beaga. Ina measc bhí: an t-aonréadaí Anna Harding (dalta gutha); Liam Gutkin, Tara Conroy agus Oliver Harding, a léirigh Ob-la-dee, Ob-la-da le The Beatles mar ensemble; agus Tommy Condemi, dalta gutha sinsearach, a rinne léiriú álainn ar The Parting Glass.

Tommy Condemi canann "The Parting Glass"

 

Faoin stiúir oide ceoil Gavin Barr, rinne grúpa práis ó Choláiste Leon Naofa - Katie Doyle, Elle Doyle, agus Brooke Rea Naughton Away in a Manger agus We Wish You a Merry Christmas leis an oide ceoil Erinn Lennon

 

Ansin rinne Erinn léiriú álainn ar O Holy Night don trumpa aonair. Chuir Erinn tús lena turas ceoil trí chlár práis an GCC i gColáiste Tyndall. Is dalta ceoil anois í sa tríú bliain in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus tá sár-obair á déanamh aici mar oide ceoil ar chláir práis agus gaoithe chomh maith le cláir na luath-óige de chuid an GCC.

 

In éineacht le gach léiriú bhí banna beo ina raibh oidí ceoil an GCC Áine Donohoe agus Paul Brett, agus oide ceoil Glún Ceoil Chill Chainnigh Jeremy Hickey.

 

Ag labhairt dó i ndiaidh na ceolchoirme, dúirt Oifigeach Forbairt an Cheoil ag Glún Ceoil Cheatharlach Gavin Barr, “Ba léiriú é ceolchoirm na hoíche anocht ar an gcumas iontach atá againn anseo i nGlún Ceoil Cheatharlach. Is teist é ar ár gceoltóirí óga agus ar chumas agus ar spreagadh ár n-oidí ceoil chomh maith. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an bPríomhoide Coláiste Aindriú Sharon Coffey as a cuid cabhrach agus a cuid comhoibrithe, go háirithe as ceolchoirm na hoíche a reáchtáil”.

Seinneann Erinn Lennon ’ O Holy Night’ ar an trumpa

I láthair ag an gceolchoirm bhí Cathaoirleach an BOOCCC, an Comh. Fergal Browne chomh maith le Príomhfheidhmeannach an BOOCCC Eileen Curtis, agus rinne an bheirt acu trácht ar an raon leathan atá ag clár Glún Ceoil i gCeatharlach agus an ról tábhachtach atá aige le haghaidh taibhiú ceoil a thabhairt chuig oiread sin na leanaí agus na ndaoine óga.

 

Is clár léiriú an cheoloideachais do chontae Cheatharlach é Glún Ceoil Cheatharlach (GCC). Tá sé mar chuid de Glún Ceoil na hÉireann, comhchlár náisiúnta a bhfuil mar aidhm aige taithí spreagúil a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga trí mheán an cheoil. Déanann Glún Ceoil a dhícheall saol na leanaí agus na n-ógánach a athrú ó bhonn trí dheis a thabhairt dóibh ceol a chruthú agus a sheinm ina bpobail féin agus ar a dtéarmaí féin. Is clár náisiúnta oideachais an cheoil é an Glún Ceoil a bhunaíodh mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht cheannródaíoch idir an daonchairdeas, Rialtas na hÉireann agus na Comhpháirtíochtaí Áitiúla um Ceoloideachas (CÁCOanna). Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) Glún Ceoil Cheatharlach i bhfeidhm go háitiúil agus tacaíocht á fháil aige ó Chomhairle Contae Cheatharlach

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Ghlún Ceoil Cheatharlach, seol ríomhphost chuig musicgenerationcarlow@kcetb.ie

www.kcetb.ie

 

Príomhtheideal íomhá : Ceoltóirí Music Generation Cheatharlach (MGC) ó Scoil Náisiúnta Dhún Leicne an Bhaile Nua

Léim ar ábhar