KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Ceiliúradh agus Bród ag Bronnadh Gradaim Aosoideachais Chill Chainnigh

(Dé Luain, 19 Nollaig 2022) - Reáchtáil Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) Ócáid a Ghradaim Seirbhíse Aosoideachais an tseachtain seo caite in Óstán Ormonde, áit ar bronnadh gradaim Cáilíocht agys Cáilíochtaí Éireann (CCÉ/QQI) leibhéil 1-3 ar na mic léinn sa léitheoireacht, i léirthuiscint an cheoil, i scileanna an idirlín, sa chumarsáid, sa ghrianghrafadóireacht dhigiteach, i réiteach na bhfadhbanna, san fhoghlaim ghinearálta, i dteicnící na scíthe agus sa Bhéarla mar dhara teanga (ESOL).

 

Halimo Jama Shire; Betty Weeden (Tutor); Karen Norton (Tutor) agus Yaliatin Yaliatin

Agus í ag oscailt searmanais na ngradam, chuir Carmel Bryan, Comhordaitheoir Aosoideachais Chill Chainnigh fáilte roimh na buaiteoirí agus a gcuid teaghlaigh agus thug sí aitheantas don obair chrua a rinne siad. Dúirt sí gur “ábhar áthais di” an oiread sin mac léinn ó chláir éagsúla a fheiceáil ag an searmanas ag glacadh a gcuid ghradam agus rinne sí comhghairdeas leo as a gcuid éachtaí. Mhol sí na teagascóirí de chuid Sheirbhís Foghlama Chill Chainnigh “a théann thar a gcúram chun cabhrú lena gcuid mac léinn”, mar a dúirt sí.

 

Cuireadh fáilte ar leith roimh mhic léinn an Bhéarla mar dhara teanga (ESOL) ó thíortha éagsúla, lena n-áirítear an Úcráin, a d’fhreastail agus blas fíor-idirnáisiúnta á chur acu ar an imeacht. D'aistrigh Suitlana Saseyi an searmanas go dtí Úcráinis.

 

Dúirt Oifigeach Aosoideachais BOOCCC Bernadette O’Rourke le faighteoirí na ngradam go bhfuil 900 duine i 30 ionad éagsúil ar fud Chontae Chill Chainnigh ag déanamh cúrsaí ar ghradam leibhéal 1-3 CCÉ le Seirbhís Aosoideachais Chill Chainnigh. “Ba cheart daoibh a bheith an-bhródúil as an méid a bhfuil bainte amach agaibh”, a dúirt sí.

Vanessa Almeida; Mary Steed (Tutor) agus Sandra de Oliveira

 

Bhí a méid féin le rá ag roinnt mac léinn. Labhair Thomas Collins, a rinne staidéar ar scileanna TFC trí Sheirbhís Aosoideachais BOOCCC, ag an gcruinniú. Ag míniú conas a tháinig feabhas ar a chumas sa Word, sa Publisher, sna scarbhileoga agus i mbunachair na sonraí, dúirt sé, “Níl tú ró-aosta chun foghlaim riamh”.

 

Aoi ar leith ab ea Príomhoide Scoil Shóisearach Naomh Eoin Mary O’Neill agus labhair sí faoin tairbhe a baineann le Tionscadail Foghlaim na dTeaghlach leis an BOOCCC.

 

Rabira Shikho agus Amana Osman

Rinne Eileen Curtis, Príomhfheidhmeannach an BOOCC, comhghairdeas le faighteoirí na ngradam. Dúirt sí, “Tá an deis againn ar an maidin seo aitheantas a thabhairt don aistear foghlama agaibhse agus an méid atá bainte amach agaibh a cheiliúradh. Mo comhghairdeachas libh go léir ar an jab iontach a rinneadh sibh. Gabhaim buíochas freisin leis na teagascóirí a thug an-spreagadh duit ar thuras bhur foghlama. Táimid bródúil as bhur gcuid iarrachtaí agus bhur gcuid buanseasmhachta agus aithnímid bhur gcuid díograise.”

Martha Bolger; Abdel Halim Haddad agus Eileen Curtis

 

Dár le Martha Bolger, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (BOOCCC), “Má éiríonn tú ró-chompordach i gcás ar bith, is féidir go bhfágfar thú i bhfostú. Tá sibhse tar éis éirí as crios an chompord agus turas a dhéanamh isteach san anaithint, rinne sibh bhur nghnáthamh a athrú d'fhonn tacar bhur scileanna gairmiúla a leathnú. Cuireann an BOO na cosáin ar fáil do gach éinne; cuireann sé an chonair ar fáil do gach foghlaimeoir”.

 

Tá tuilleadh eolais faoi Sheirbhís Foghlama Chill Chainnigh ar fáil ag www.kcetb.ie

 

Fortheideal Príomhíomhá: Mary Brennan; Liuban Cherchik; Monika Fraczek agus Carmel Bryan

Léim ar ábhar