KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Ceiliúradh agus Bród ag Gradaim TFO Cheatharlach

(Dé Céadaoin, 7 Nollaig 2022) - Reáchtáil Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) a shearmanas bliantúil na ngradam don Tionscnaimh um Fhilleadh ar an Oideachas (TFO/BTEI) aréir in Óstán Seven Oaks áit ar bronnadh gradaim Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (CCÉ/QQI) leibhéil 3-6 ar mhic léinn sa ghairneoireacht, cúram sláinte, cúram leanaí, TFC agus riar oifige.

 

Cuireann an TFO breisoideachas páirtaimseartha saor in aisce ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta a d’fhág an scoil gan mórán cáilíochtaí foirmiúla nó gan cáilíochtaí foirmiúla ar bith acu agus tugann sé an deis filleadh ar an bhfoghlaim a chomhcheangal le freagrachtaí an teaghlaigh, na hoibre agus i gcoitinne. Is féidir le rannpháirtithe deimhniú CCÉ Leibhéil 3-6 a fháil, roghanna fostaíochta nua a lorg agus/nó dul ar aghaidh chuig ardoideachas.

Gradaim Julie Power agus Betty McSweeney le John O’Neill (BOOCCC)

 

B'iad príomhthéamaí an tsearmanais bronnta TFO Cheatharlach ná mórtas as sárú an chruacháis a cheiliúradh – an chéad ócáid a reáchtáladh ón mbliain 2019 i leith.

 

Ag searmanais na ngradam, á oscailt aici chuir Orlaith McHugh, Comhordaitheoir TFO Cheatharlach, fáilte roimh na buaiteoirí agus a gcuid teaghlach agus thug sí aitheantas don obair chrua a rinne siad, d'ainneoin droch-thionchar an Covid-19. Mhol sí múinteoirí agus teagascóirí an TFO, a dúirt sí, “a théann thar a gcúnamh chun cabhrú lena gcuid mac léinn”.

 

Lisa Moore, Renata Rusiecka agus Renata Polak,

Rinne Eileen Curtis, Príomhfheidhmeannach BOOCCC, comhghairdeas leis na buaiteoirí as an méid a bhfuil bainte amach acu. Dúirt sí, “Is mithid dúinn anocht bhur ndíogras agus bhur ndúthracht a aithint, chomh maith leis an méid oibre a chuir sibh isteach. Baineann tábhacht mór le bhur n-iarrachtaí ar filleadh ar an oideachas a aithint go foirmiúil. Cuireadh éilimh shuntasacha ar gach éinne le cúpla bliain anuas is ceart dúinn anocht sibhse a mholadh as an sárjab a rinneadh”.

 

Dúirt sí freisin, “Ní hé rath na foghlama i gcónaí teacht ar an gceann scríbe. Baineann an turas agus an méid a foghlaimíodh ar an mbealach leis chomh maith agus, le linn an cúrsa agaibh ag TFO Cheatharlach, tá móran foghlamtha agaibh faoin méid a bhfuil sibh in ann a bhaint amach”.

Eileen Curtis, Príomhfheidhmeannach BOOCCC, le Adam Williamson agus Anne Hickey

 

Dúirt Martha Bolger, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna BOOCCC (BOO), “Déanann an TFO daoine a ullmhú le haghaidh oibre agus gairmréanna sásúla. Cuireann sé conairí agus deiseanna an oideachais ar fáil d’fhoghlaimeoirí ó gach cúlra agus ar gach cumas. Ní leanann an fhoghlaim an líne dhíreach i gcónaí”.

 

Dúirt Oifigeach Aosoideachais Aosaigh an BOOCCC John O’Neill leis faighteoirí na ngradam, “Tá an-chrógacht léirithe agaibh. Tagaeann an eagla leis an athrú. Shocraigh sibh gur mian libh athrú agus ní tharlaíonn a leithéid gan macnamh air. Tá bhur gcuid imní féin sáraithe agaibh agus ba chóir daoibh bród a bhaint as”.

 

Tá tuilleadh eolais faoin TFO ar fáil ag www.kcetb.ie Is féidir faisnéis faoi chursaí nua a fhail ag (059) 913 9532 nó trí rPhost a sheoladh chuig bteicarlow@kilkennycarlowetb.ie

 

Príomhtheideal íomhá: Renata Polak; Renata Rusicka; Teagascóir Gillian Deacon; Lisa Moore; Betty McSweeney agus Marcella Costigan

Martha Bolger le bronntóir Pretty Sibanda agus a hiníon Sinead Sibanda

 

 

Léim ar ábhar