KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

"Fís bainte amach" ag BOOCCC agus coláiste dírithe ar BOO i gCill Chainnigh á fhógairt ag an Aire Harris

(Dé Máirt, 13 Nollaig 2022) - D’fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, tráthnóna coláiste atá dírithe ar bhreisoideachais agus oiliúna (BOO) do chathair Chill Chainnigh a dhéanfaidh freastal ar suas le 5,000 mac léinn atá á chur ar fáil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) a chuir fáilte mhór roimh an bhfógra.

 

I dTeach Laighean tráthnóna, d’fhógair an tAire Harris gur cheadaigh sé BOOCCC dul ar aghaidh le Coláiste na Todhchaí (CnT) a fhorbairt a athróidh an breisoideachas agus an oiliúint ar fud Chontae Chill Chainnigh trí sholáthar gach seirbhís aige a lonnú ar champas nua-cheannaithe i gCathair Chill Chainnigh. Tabharfaidh an coláiste BOO nua le chéile seirbhísí oiliúna reatha an BOOCCC, soláthar a chuid sheirbhísí iar-ardteistiméireachta, Scéim na nDeiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG), an Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas (BTEI), Ógtheagmháil, an tSeirbhís Aosfhoghlama, Seirbhís Treorach na nAosach agus seirbhísí Oideachais na hÓige agus an Phobail ar shuíomh tiomnaithe amháin ar leith. Beidh ról ríthábhachtach ag an gcoláiste nua maidir le cur ar chumas an BOOCCC maidir le printíseachtaí agus oiliúnachtaí, a fhreastalaíonn ar mhic léinn ó Chill Chainnigh agus Ceatharlach, a chur ar fáil a mhéadú go suntasach in ionaid nua-aimseartha ar chaighdeán an tionscail nach bhfuil ar fáil faoi láthair.

 

Ag trácht ar fhógra an tAire, dúirt Cathaoirleach BOOCCC, an Comhairleoir Fergal Browne, “Is uaillmhian atá ann le fada ag BOOCCC ionad FET a fhorbairt i gCill Chainnigh agus tá baill ár mbord, agus go deimhin ár mbord roimhe sin, gníomhach ag tacú lenár feidhmeannach chun é seo a sheachadadh do BOOCCC. Thar ceann an bhoird, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an tAire Harris as luach na hoibre i mbreisoideachas agus oiliúint a aithint agus as tacú, ar bhealach fíor-dáiríre, le hobair leanúnach ár bhfoireann i BOOCCC."

 

Ag labhairt di faoi fhógra an Aire, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (BOO) BOOCCC Martha Bolger, “Tá foireann iomlán BOO an BOOCCC thar a bheith sásta leis scéal dearfach ón Aire Simon Harris inniu go bhfuil an moladh faoi champas tiomnaithe an BOO i gCill Chainnigh tar éis bogadh go dtí an chéad chéim eile dá fhorbairt. Tá a leithéid mar fhís againn le tamall anuas agus déanfaidh an tionscadal seo an t-oideachas agus an oiliúint a athrú i gCill Chainnigh. D’fhreastail Seirbhís BOO de chuid an BOOCCC ar 12,000 mac léinn sa bhliain 2022. Táimid ag tnúth le bheith ag obair i gcomhar leis an RBATNE agus le SOLAS d'fhonn leanúint ar aghaidh ag déanamh ár ndícheall ar son na bhfostóirí áitiúla, an phobail áitiúil agus, níos tábhachtaí fós, ár gcuid foghlaimeoirí”.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis, “Is iontach an scéal inniú é do Chill Chainnigh, don BOOCCC agus, go háirithe, do chathair agus do chontae Chill Chainnigh coláiste nua an BOO seo. Príomhchuspóir straitéiseach don BOOCCC atá sa choláiste BOO comhtháite molta seo nua a dhéanfaidh an fhoghlaim a athrú ó bhonn ar fud pobail an BOOCCC agus a chuideoidh leis an réigiún freagairt ar riachtanais na scileanna i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach agus a gcuid cúlchríoch amach anseo. Déanfaidh sé riachtanais scileanna na dtionscal áitiúil a shásamh agus cruthóidh sé réimse tallainne na gcéimithe ar fáil le haghaidh oibre agus maireachtála i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach. Déanfaidh sé naisc a fhorbairt leis an OTOD freisin, rud a chruthóidh bonn láidir don oideachas, ní hamháin i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach, ach thar réigiún uile an oirdheiscirt”.

 

Sé BOOCCC soláthraí is mó an oideachais agus na hoiliúna ar fud Contaethe Chill Chainnigh agus Ceatharlach agus cuireann sé ar chumas 15,000 foghlaimeoir in aghaidh ne bliana a lánacmhainneacht a bhaint amach trí shraith conairí an oideachais a thairiscint sna scoileanna, sna coláistí, sna hionaid oiliúna agus i suíomhanna an phobail. Tá a chuid sheirbhísi BOO i gcathair Chill Chainnigh scaipthe thar 14 shuíomh agus foirgneamh atá ar léas den chuid is mó. Cuirfidh campas tiomnaithe an BOO tuilleadh cumais ar fáil do na mic léinn agus cuirfidh sé ar chumas an BOOCCC raon iomlán na seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd atá ag filleadh ar an bhfoghlaim, atá ag athoiliúint agus atá ag uas-sciliú.

 

Dúirt an BOOCCC go gcuirfidh an Coláiste BOO beartaithe nua saináiseanna nua-aimseartha ar fáil i réimsí ar nós na leictreoireachta, na cócaireachta gairmiúla, na pluiméireachta, na hinnealtóireachta, na siúinéireachta, na n-ilmheán agus an deartha grafacha. Tá súil aige freisin maidir le hionad barr fheabhais a fhorbairt san innealtóireacht, sna scileanna glasa, i scileanna traidisiúnta na tógála, agus sa TFC/cumais dhigiteacha. Tabharfaidh raon áiseanna gaolmhara na saotharlainne, na gceardlanna, na seomraí ranga, na leabharlainne, an cheaintín agus tacaíocht na timpeallachta an chumas foghlaim dhinimiciúil a chur ar fáil chomh maith le taithí dearfach na foghlama do gach mac léinn amach anseo.

 

Tar éis an fhógra, thug an tAire Harris le fios go dtabharfaidh sé cuairt ar Chill Chainnigh san Athbhliain chun bualadh le mic léinn, comhaltaí boird agus baill foirne BOOCCC.

 

Príomhtheideal íomhá: An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD le Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna BOOCCC Martha Bolger, Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis agus Príomhfheidhmeannach SOLAS Andrew Brownlee.

Léim ar ábhar