KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Síneadh le Gairmscoil na Buiríse á Cheiliúradh

(Dé hAoine an 3 March 2023) – Bhailigh baill foirne, mic léinn agus comhpháirtithe an oideachais le chéile chun an síneadh nua €1.7 milliún le Gairmscoil na Buiríse a oscailt go hoifigiúil an tseachtain seo, rud a léirigh céim nua i bhforbairt na scoile.

 

Ba é an Comh. Fergal Browne, ina ról mar chathaoirleach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC), a ghearr an ribín. Tá Gairmscoil na Buiríse faoi choimirce an BOOCCC atá ina pátrún ar 12 iar-bhunscoil bhreise agus a chuireann an breisoideachas agus an oiliúint ar fáil ar fud an dá chontae, Cill Chainnigh agus Ceatharlach.

 

Tharla an ócáid shona seo le linn Sheachtain tionscnaimh an BOO, ceiliúradh seachtaine ar mhic léinn, ar fhoireann agus ar sheirbhísí an BOOCCC deich mbliain ó bunaíodh é.

 

Cuimsíonn an síneadh 508m² le Gairmscoil na Buiríse trí sheomra ranga, seomraí folctha na foirne agus na mac léinn, rang an oideachais speisialta, agus rang ar leith an uathachais ar a dtugtar Le Chéile. Deartha ag Ailtirí Dermot Geoghan agus tógtha ag an gcomhlacht Nolan Construction, freastalóidh an síneadh ar riachtanais 542 dalta agus 60 ball foirne na scoile.

 

Chuir Pat Coffey, príomhoide Gairmscoil na Buiríse, fáilte roimh an gComhairleoir Browne agus Eileen Curtis, príomhfheidhmeannach BOOCCC, chuig an imeacht. In éineacht leo bhí an Comhairleoir Peter ‘Chap’ Cleere, atá ina chathaoirleach ar bhord bainistíochta na scoile, an Comhairleoir Tommy Kinsella, agus baill eile an bhoird bhainistíochta. Ag freastail chomh maith ar an ócáid, bhí Stiúrthóir Scoileanna an BOOCCC an Dr Pauline Egan, StiúrthóirTacaíocht agus Forbairt Eagraíochta (OSD) Liam Scott agus Ceannaire na Seirbhísí Corparáideacha Triona Delaney a raibh dlúthbhaint acu le dul chun cinn an tionscadail.

 

Mar fhocal fáilte, dúirt Príomhoide Gairmscoil na Buiríse, Pat Coffey: “Is oiriúnach é go bhfuil an síneadh nua seo á oscailt go hoifigiúil ag an am céanna le ceiliúradh 10 mbliain an BOOCCC, agus an chéad sheachtain BOO. Déanann an tseachtain seo na bunfhiúntais a mbaineann le scoth an oideachais, an chúraim, an mheasa, an phobail agus an chomhionannais a cheiliúradh. Bhí an t-ádh linn ardléiriú na fiúntais seo a óstáil do gach scoil an BOOCCC i mí Bealtaine seo caite, agus inniu táimid ag cur leis an lá sin leis an ócáid seo ag ceiliúradh gach rud iontach a bhaineann leis bpobal scoile seo”.

 

“ Cuid mhór den síneadh nua seo is ea Le Chéile, deá-ionad don teagasc agus don fhoghlaim ina ndéantar gach éinne a cheiliúradh. Is cúis mór áthais dúinn rath Le Chéile atá á chomhordú ag Catriona Duggan. Is féidir a leithéid a chur i leith ár bhfoireann teagaisc, ár CRSanna, na dtuismitheoirí agus na mac léinn ag obair go léir lena chéile” a dúirt an tUasal Coffey.

 

“Tá a chumas agus a inniúlacht féin ag gach mac léin i nGairmscoil na Buiríse agus is mór againn gach ceann acu inár scoil trí chleachtais uileghabhálacha ar nós spreagadh, moladh, aiseolas cuiditheach agus forbairt. Le dhá bhliain anuas, tá os cionn 600 pointe faighte ag naonúr mac léinn san Ardteistiméireacht, agus na huasphointí á bhfáil ag beirt acu acu sin”, arsa an tUasal Coffey.

 

Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt Príomhfheidhmeannach an BOOCCC Eileen Curtis, “Is lá ar leith é seo d’fhoireann agus do mhic léinn Ghairmscoil na Buiríse agus do phobal na Buiríse. Léiríonn an síneadh nua seo dúthracht an BOOCCC agus bainistíocht na scoile do na háiseanna agus na hacmhainní is fearr a chur ar fáil do na mic léinn faoina gcúram. Gnóthóidh Ghairmscoil na Buiríse dea-fhreastail as an áis seo agus í ag leanúint ag fás agus ag freastal ar éilimh a cuid mac léinn agus an phobail áitiúil.”

 

Dar leis an gComhairleoir Browne, “Is cúis bhróid dom foirgneamh nua seo de chuid Gairmscoil na Buiríse a oscailt agus aithint fhoirmiúil á thabhairt againn ar mhéid bhreise an tsoláthair a chuireann an síneadh nua ar fáil. Rachaidh sé go mór chun deiseanna comhionanna a thabhairt do gach mac léinn chun dul i ngleic leis an gcuraclam agus le saol na scoile”.

 

Ghlac mic léinn Gairmscoil na Buiríse príomhpháirt san imeacht, agus bhí mórán foirne ceannaireacht na mac léinn, arna comhordú ag Leas-Phríomhoide Gníomhach Sarah Doyle, gníomhach san ócáid. Léiríodh ceol traidisiúnta faoi stiúir múinteoir ceoil Aoife Smithers mar chuid den tsearmanas.

 

Príomhíomhá pic: Ag oscailt an síneadh nua ag Gairmscoil na Buiríse, ó chlé: Stiúrthóir Scoileanna BOOCCC, an Dr Pauline Egan; Cathaoirleach Bhord Bainistíochta Ghairmscoil na Buiríse, an Comhairleoir Peter Cleere; Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis; Cathaoirleach BOOCCC, An Comhairleoir Fergal Browne; Príomhoide Ghairmscoil na Buiríse Pat Coffey; Leas-phríomhoide Gníomhach Gairmscoil na Buiríse, Sarah Doyle. 

Léim ar ábhar