KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Fógraíonn BOOCCC mioneolas faoi dheontais d'obair na hóige

Tá mioneolas faoi dhá dheontas ar leith fógartha ag an BOOCCC do chlubanna agus grúpaí deonacha um obair na hóige atá ag feidhmiú i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach.

 

Sé atá mar aidhm ag Deontas Comhtháthaithe na bliana 2023 ná tacú le heagraíochtaí na hóige agus le clubanna na hóige dul i ngleic le daoine óga sa phobal atá tar éis éalú ón gcogadh san Úcráin

 

Cuireann an Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla na bliana 2023 cúnamh ar fáil maidir leis na gcostais a mbaineann le clubanna agus le grúpaí na hóige faoi stiúir dheonach a reáchtáil.

 

Tá uasmhéid €4,000 ar fáil do gach club óige faoin Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla agus tá €1,000 ar fáil do gach club óige faoin Deontas Comhtháthaithe.

 

“Tá ról ríthábhachtach ag clubanna na hóige inár bpobail, ag cur tacaíochta agus treorach ar fáil do dhaoine óga, agus á gcumasú lánacmhainneacht a bhaint amach trí fheabhsú na ndeiseanna um fhorbairt phearsanta, ar thorthaí sóisialta níos fearr agus um thuiscint níos fearr ar an domhan mórthimpeall orthu a bhaint amach. Spreagaimid clubanna agus grúpaí na hóige iarratas a dhéanamh ar an maoiniú seo chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na seirbhísí sin atá ar fhíorleas saol na ndaoine óga”, a dúirt Saoirse Prendergast, Oifigeach Óige an BOOCCC

 

Tá an tionscnamh deontais á maoiniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Tá an Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúil maoinithe chomh maith i bpáirt ag an ioncam ón gCrannchuir Náisiúnta. Níl clubanna atá bunaithe ar spórt den chuid is mó i dteideal iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin scéim seo.

 

Tá tuilleadh eolais, critéir na hincháilíochta agus an fhoirm iarratais ar fáil trí rPhost a sheoladh chuig Brigid.Keating@kilkennycarlowetb.ie

 

Léim ar ábhar