(Dé hAoine. 12 Bealtaine, 2023) – Le bród agus áthas, bhailigh foireann agus mic léinn Choláiste Breisoideachais Urumhan le chéile aréir le haghaidh oscailt a thaispeántas deireadh bliana tar éis bearna ceithre bliana a chuir an paindéim i bhfeidhm. Bhí an ócáid ar siúl ar Champas Amharc-ealaíon an choláiste ar Bhóthar an Phríosúin i gCill Chainnigh.
Léiríonn an taispeántas raon éagsúil oibre a rinne mic léinn ar Chúrsaí Ullmhúcháin Portfóilió Mínealaíona Leibhéal 5, Ealaín le Beochan Leibhéal 5, agus Ardteastas Leibhéal 6 sa chúrsaí Mhínealaíne. Clúdaíonn na saothair raon leathan disciplíní, lena n-áirítear líníocht, péinteáil, beochan, grianghrafadóireacht, dearadh, déanamh priontaí, meáin chomhcheangailte 3D agus ealaín dhigiteach
Bhí slua mór ann, le teaghlach agus cairde ag ceiliúradh rath na mic léinn in éineacht le comhordaitheoirí an chláir Vincent Andrews agus Fiona Power, an múinteoir ealaíne Mary Ann Gelly agus leas-phríomhoide Choláiste Urumhan, Una Hayes. In éineacht leo bhí príomhfheidhmeannach agus stiúrthóir breisoideachais agus oiliúna Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) Eileen Curtis agus Martha Bolger, faoi seach a ghlac leis an taispeántas agus a labhair leis na mic léinn faoine gcuid oibre. Tá Coláiste Urumhan á fheidhmiú ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC). D’freastail an leas-phríomhoide a tháinig ar ais le déanaí, John Kavanag, ar an ócáid freisin agus chuir iar-chomhghleacaithe agus iarscoláirí fáilte mhór roimhe
Tá Coláiste Breisoideachais Urumhan ag glacadh le hiarratais don bhliain acadúil seo chugainn. Is féidir eolas a fháil ar www.ormondecollege.ie www.ormondecollege.ie