KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Tugann BOOCCC urraim dá bhfostaithe a chuaigh ar scor ag ócáid speisialta

(Déar. 25 Deireadh Fómhair, 2022) - Reáchtáil Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) imeacht speisialta an tseachtain seo d’fhostaithe a chuaigh ar scor chun aitheantas a thabhairt dá seirbhís agus buíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre crua agus a dtiomantas ag cur seirbhísí oideachais ar fáil do réigiún Chill Chainnigh agus Cheatharlach.

 

 

De ghnáth, is ócáid bhliantúil í an ócáid seo ach cuireadh siar í mar gheall ar an bpaindéim agus mar sin ag searmanas na seachtaine seo, a bhí ar siúl sa Woodford Dolmen Hotel, bhí daoine a chuaigh ar scor ó 2020 ar aghaidh i láthair don ócáid in éineacht lena dteaghlach agus a gcomhghleacaithe.

 

 

Thug príomhoidí scoile, leas-phríomhoidí agus bainisteoirí ionaid moladh ó chroí dóibh ag déanamh cur síos ar an méid iontach a rinne a n-iar-chomhghleacaithe, agus rinneadh comhghairdeas leo agus bhronn Cathaoirleach an BOOCCC, an Clr Fergal Browne, píosa de Kilkenny Crystal dóibh, agus é ag tabhairt faoi cheann dá chéad dualgais oifigiúla.

 

D’fhág sibh lorg buan ar bhur scoileanna nó bhur n-ionaid"

Ghabh Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis buíochas le gach duine a chuaigh ar scor dá dtiomantas agus seirbhís.

 

“Bhí ról lárnach agaibh go léir inár n-eagraíocht agus d’fhág sibh lorg buan ar bhur scoileanna nó bhur n-ionaid. Tá an ceart tuillte agaibh dul ar scor, saor ó éilimh an tsaoil oibre, ón dtimaistear laethúil agus ó bhur n-aláraim luath ar maidin. Bhí tionchar ag an obair chrua a rinne sibh thar na blianta ar go leor daoine – ó dhaoine óga go daoine fásta – agus go minic ag amanna ríthábhachtacha ina saol”, a dúirt sí.

 

 

“Ar an gcéad dul síos, is eagraíocht foghlama é an BOOCCC. Creidim go láidir gur onóir é an obair a dhéanaimid a dhéanamh agus chun tionchar a imirt ar shaol na ndaoine óga agus na ndaoine fásta agus iad ag dul ar bhealaí difriúla sa saol, faoi rath tríd an bhfoghlaim. Chuidigh sibh le feabhas a chur ar shaol na mic léinn, agus ba cheart daoibh a bheith an-bhródúil as sin”, a dúirt sí.

 

 

Ag fostú 1,377 duine, tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) ina phríomhsholáthraí oideachais agus oiliúna san oirdheisceart, a chuireann ar chumas 15,000 foghlaimeoir blaintúil a gcumas a bhaint amach trí chonairí oideachais a thairiscint i scoileanna, i gcoláistí, in ionaid oiliúna agus i suíomhanna pobail. Áirítear le sainchúram BOOCCC bainistiú agus feidhmiú 13 iarbhunscoil, dhá choláiste breisoideachais agus oiliúna, raon leathan seirbhísí oideachais aosaigh agus pobail ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach, comhordú seirbhísí óige, agus cur chun cinn oideachais ceoil trí Music Generation.

 

Ar chúl (c-d): Conor O’Higgins (Coláiste Breisoideachais Ormonde); Clare O’Dwyer (Scoil Aireagail); James Dermody (Coláiste Aindriú); Patricia Dennehy (Scoil Aireagail); Andy Hogan (Seirbhísí Oiliúna BOOCCC); Shelagh Hand (Institiúid Breisoideachais agus Oiliúna Cheatharlach); Brendan Brennan (Gairmscoil Chathair Chill Chainnigh); Anne Hickey (Coláiste Eoin); Pádraig O’Ceallaigh (Institiúid Breisoideachais agus Oiliúna Cheatharlach); Pat Murphy (Coláiste na Dubhaise); Liam O Briain (Scoil Aireagail). Líne tosaigh (c-d): Máire Ní Chonchubhair (Gaelcholáiste Cheatharlach); Madailín Mhic Lochlainn (Gaelcholáiste Cheatharlach); Cathaoirleach BOOCCC An Comh. Fergal Browne; Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis; Patricia O’Dwyer (Oideachas Aosach BOOCCC); Patricia McDermott (BOOCCC)

Léim ar ábhar