KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Bronnadh céim ar 362 printíseach ar fud an oirdheiscirt ag na Gradaim Náisiúnta Printíseachta

(Luan 17 Deireadh Fómhair, 2022) – Bronnadh céim ar 362 printíseach ó Chill Chainnigh, Ceatharlach, Tiobraid Árann, Port Láirge agus Loch Garman ar maidin ag searmanas speisialta i gCill Chainnigh, ócáid ar bhronn an tAire Stáit don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Malcolm Noonan, TD, a gcuid gradaim orthu.

 

Ag na Gradaim Náisiúnta Printíseachta 2022 do réigiún an Oirdheiscirt, chuir na céimithe a tháinig le chéile deireadh le 21 printíseacht éagsúil ó chúig earnáil tionscail: innealtóireacht; leictreach; mótair; foirgníocht; agus fáilteachas agus bia.

 

Aithníonn na Gradaim Náisiúnta Printíseachta éachtaí na bprintíseach a bhfuil ceithre bliana staidéir déanta acu agus atá anois ag tiomáint caighdeáin ghairme nua ceannaireachta, obair foirne, cruthaitheachta agus réitithe fadhbanna ina n-earnálacha. Ba é Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) a d’óstáil an t-imeacht don réigiún le tacaíocht ó SOLAS, BOO Thiobraid Árann, agus BOO Phort Láirge agus Loch Garman.

 

BOOCCC Priomhfheidhmeannach Eileen Curtis leis An tAire Malcolm Noonan TD

Agus é ag labhairt leis na céimithe agus na haíonna a tháinig le chéile, léirigh an tAire Noonan go bhfuil níos mó ná 8,400 fostóir ar fud 16 earnáil tionscail in Éirinn ag baint úsáide as printíseachtaí anois chun a gcuid tallann a mhealladh agus a mhéadú, ag iarraidh ar lucht fágála scoile, lucht athraithe gairme, agus ag mealladh réimse leathan daoine ó chúlraí difriúla agus le hábaltachtaí éagsúla. Chomh maith leis sin, luaigh sé an fás atá tagtha ar líon na mban atá ina bprintísigh ar fud na tíre.

 

“Tá trí phrintíseach ar mná iad inár measc inniu: Joanne Cooney agus Chloe Doyle, agus is leictreoirí iad, agus Hannah McCann atá ina cócaire. Ó thosaigh Joanne agus Hannah a gcuid printíseachtaí i 2017-18, tá méadú suntasach tagtha ar líon na mban atá ina bprintísigh, agus tá tógáil croí sa scéal sin. Go náisiúnta, tá méadú tagtha ar líon na mban atá ina bprintísigh ó 26 i 2015 go 1,500 i 2022”, a dúirt an tAire Noonan

 

“Cuireann na gradaim seo am ar fáil ní hamháin chun éachtaí na bprintíseach is fearr sna réimsí atá roghnaithe acu a cheiliúradh; tugann sé deis dúinn freisin machnamh a dhéanamh ar chleachtas na bprintíseach go díreach. Tá ceithre bliana caite ag na daoine óga a bhfuil a gcuid printíseachtaí déanta acu, agus buaiteoirí na ngradam anseo inniu, ag staidéar agus ag foghlaim trí obair phraiticiúil agus obair acadúil agus is é an tsamhail oideachais sin a thugann léargas dóibh ar an ngairm atá roghnaithe acu agus ullmhúchán praiticiúil don timpeallacht oibre atá i gceist”, a dúirt an tAire Noonan.

 

“Léiríonn buaiteoirí na ngradam anseo inniu gach rud maith atá i gceist le caighdeán ár gclár printíseachta, scileanna inaistrithe a aithnítear ar fud an domhain”, a chuir sé leis.

 

Dochtúir Mary-Liz Trant

Labhair Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta Printíseachta, an Dr Mary-Liz Trant, faoin leathnú ar dheiseanna printíseachta in Éirinn le blianta beaga anuas. “Le 66 rogha cláir ar fáil anois, agus suas le 30 eile á n-ullmhú, tá printíseachtaí go daingean ar an léarscáil anois mar rogha do lucht ag fágáil scoile agus d’fhoghlaimeoirí níos sine, daoine de gach aois agus cúlra. Agus tá an t-aiseolas ó fhostóirí ar cháilíocht agus ar bhua na bprintíseach a earcaíonn siad thar barr. Tá lúcháir orainn a fheiceáil go bhfuil méadú tagtha ar líon na bhfostóirí a úsáideann printíseacht mar phíblíne thallainne sa réigiún seo de Chill Chainnigh agus Cheatharlach, agus ar fud na tíre”, a dúirt an Dr Trant.

 

Agus í ag déanamh ionadaíochta ar Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna), dúirt Eileen Curtis, príomhfheidhmeannach BOOCCC, “Tugann an fhianaise sa suirbhé seo le fios go bhfuil leibhéal ard deacrachtaí ann maidir le sláinte mheabhrach agus mhothúchánach, agus tarraigníonn sé aird ar an ngá atá ann do chláirIs lá speisialta é seo do na printísigh agus dá dteaghlaigh agus garsprioc thábhachtach ina n-oiliúint agus forbairt scileanna. Is iad na céimithe seo an chéad ghlúin eile de cheardaí a bhfuil an oiread sin éileamh ar scileanna acu ar fud na tíre agus a chuirfidh le fás eacnamaíoch na tíre sna blianta amach romhainn. Tá fás láidir printíseachta ríthábhachtach d’fhorbairt ár réigiún agus ár ngeilleagair”.

 

Líne chúl, ó chlé: Stuart Dunne Maher; Mark Gaffney ; Michael Gaule ; Eugene Callaghan ; Garret Brennan ; Peter Thorpe; Cormac Donal Keane. Líne tosaigh, ó chlé: Mary Prior Butler; Eileen Curtis; An tAire Malcolm Noonan, TD; Martha Bolger; Hannah McCann ; Dochtúir Mary-Liz Trant.

Thug an searmanas aitheantas do phrintísigh leictreacha ag Céim 2 ó réigiún an Oirdheiscirt a chuir tús le hoiliúint i 2018 sa chéad chúrsa bunaithe i gCill Chainnigh, agus chomh maith leis sin chuimsigh sé céimithe printíseachta commis chef don chéad uair, ó thug an BOOCCC isteach é i 2018. Ba iad na cócairí le céim ná: Garret Brennan (Avalon House Hotel, Co. Chill Chainnigh); Cormac Donal Keane (Woodford Dolmen Hotel, Ceatharlach); Stuart Dunne Maher (Newpark Hotel, Cill Chainnigh); Peter Thorpe (Talbot Hotel, Loch Garman); Hannah McCann (Ballynahinch Castle, Co. na Gaillimhe) agus Michael Gaule (Kelly’s Hotel, Ros Láir).

 

Labhair Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna BOOCCC Martha Bolger faoi phleananna an BOOCCC chun a thairiscint phrintíseachta a mhéadú sna míonna amach romhainn. Thug sí ómós ar leith do na printísigh ag céim 2 a chríochnaigh cuid dá n-oiliúint le linn thréimhse dianghlasáil na paindéime. Dúirt sí go “seasfaidh a dtiomantas agus a dteacht aniar mar fhostaithe na todhchaí”.

 

Eugene Callaghan, Óstán Kelly

I measc na n-aoichainteoirí bhí cócaire feidhmiúcháin Kelly’s Hotel, Eugene Callaghan, agus Martin Stapleton, stiúrthóir ar CDS Architectural Metalwork atá suite i gCill Chainnigh,

Aoichainteoir Martin Stapleton, CDS Architectural Metalwork

a labhair faoin scil agus an luach atá printísigh sa lá atá inniu ann ag tabhairt don tionscal.

 

Ag cur críoch leis an searmanais, rinne Mary Butler, bainisteoir seirbhísí oiliúna BOOCCC, comhghairdeas leis na printísigh agus ghuigh sí gach rath orthu ina ngairmeacha beatha.

Léim ar ábhar