KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Sheinn Ceoltóirí óga ó Ghiniúint Ceoil Cheatharlach do Joe Biden ag dinnéar féasta Stáit

(Dé Déardaoin. 20 Aibreán, 2023) – Sheinn triúr ceoltóir óga ó Ghiniúint Ceoil Cheatharlach do Joe Biden ag dinnéar féasta Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le linn a chuairte oifigiúil go hÉirinn an tseachtain seo caite

 

Bhí an onóir ag Hugh Kavanagh, Aislinn Joyce agus Sonny Cahill, in éineacht leis an oideoir ceoil Áine Donohoe, a bheith ar na chéad cheoltóirí a sheinn do agus fáilte a chur roimh Joe Biden agus é ag teacht go Caisleán Bhaile Átha Cliath tar éis a óráid don Oireachtas. Bhí Gavin Barr, an t-oifigeach forbartha ceoil do Ghiniúint Ceoil Cheatharlach, i láthair freisin leis na gceoltóirí óga agus bhuail sé leis an Uachtarán Biden.

 

Luaigh sé, “Ba mhór an onóir dúinn an cuireadh seo a fháil agus an leibhéal ard tallainne iontach atá le feiceáil ar fud an chláir Giniúint Ceoil ar fad ar fud na tíre a thaispeáint. Is fíor-theist é an deis seo, nach ndéanfaimis ach uair amháin inár tsaoil, ar an obair iontach ar fad atá ar siúl ar fud ár gclár uile i nGiniúint Ceoil Cheatharlach. Mar Oifigeach Forbartha Ceoil, táim thar a bheith bródúil agus buíoch don fhoireann iomlán d’oideoirí ceoil a thugann a gcuid ama agus a bhfuinnimh go flaithiúil chun timpeallachtaí foghlama dearfacha a chruthú a ligeann do leanaí agus do dhaoine óga teacht, ceol a dhéanamh, spraoi a bheith acu agus cuimhní le fada an lá a chruthú”

 

Chuir an triúr ceoltóir tús lena n-oideachas ceoil le Ghiniúint Ceoil Cheatharlach agus tá siad leis an gclár le roinnt blianta anuas, tar éis dóibh dul chun cinn trí chlár Encore bunscoile Giniúint Ceoil Cheatharlach, clár HUB agus clár ensemble. Encore programme, HUB programme and ensemble programme.

 

Bhí áthas an domhain ar na ceoltóirí óga taisteal go mBaile Átha Cliath chun seinnt d’Uachtarán ar ócáid chomh stairiúil.

 

“Eispéireas a bhí ann nach ndéanfaimis ach uair amháin inár tsaoil agus táimid buíoch de Ghiniúint Ceoil as an deis iontach seo a thabhairt dúinn ”, dúirt Aislinn Joyce. Dúirt Sonny Cahill freisin, “Táim thar a bheith buíoch as bualadh le hUachtarán na Stát Aontaithe agus le Teachtaí Dála agus le hAirí uile na hÉireann, agus le ceol a sheinm dóibh, agus ní dhéanfaidh mé dearmad air am ar bith.”

 

Tá Giniúint Ceoil Cheatharlach mar chuid de Music Generation, clár náisiúnta oideachais ceoil na hÉireann a thugann rochtain do leanaí agus daoine óga ar oideachas ceoil léirithe ar ardchaighdeán. Tá Giniúint Ceoil Cheatharlach á bhainistiú ag Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Cheatharlach, faoi stiúir Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach i gcomhpháirtíocht le hÚdaráis Áitiúla Cheatharlach.

 

Teideal: Ceoltóirí Cheatharlach Music Generation Hugh Kavanagh, Aislinn Joyce, Sonny Cahill leis an oideachasóir ceoil Áine Donohoe agus oifigeach forbartha ceoil le Music Generation Carlow, Gavin Barr

Léim ar ábhar