KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Is í Fiona an chéad phrintíseach leictreach baineann a bhain céim amach ó BOOCCC

Bhí an chéad phrintíseach leictreach baineann a bhain céim amach ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC), agus Buaiteoir Scileanna Domhanda, i measc 119 printíseach as Cill Chainnigh agus Ceatharlach a bhain céim amach an tseachtain seo ag searmanas speisialta ag Airéine Spóirt OTO i bPort Láirge.

 

Ag Dámhachtainí Náisiúnta Printíseachta 2023 do réigiún an Oirdheiscirt chonacthas Fiona Manning ó Tobar Eoin, Co. Chill Chainnigh a bhí ar an gcéad phrintíseach leictreach baineann a bhain céim amach ó BOOCCC tar éis ceithre bliana staidéir. Tá sí ag obair anois leis an BSL, atá lonnaithe i gCill Chainnigh

 

Bhain a comhchéimí Craig Nolan, ó Bhaile Cheatharlach, céim amach mar Oibrí Miotail agus tá sé ag obair le Innealtóireacht Thompson’s i gCeatharlach. Mar aitheantas ar a scileanna eisceachtúla, fuair Craig an Duais Scileanna Domhanda d’Oibriú Miotail.

Comhairleoir Sinsearach Oiliúna KCETB Tomas McCarthy, Príomhfheidhmeannach KCETB Eileen Curtis, Craig Nolan agus Bainisteoir Seirbhísí Oiliúna Cúnta KCETB Gillian Ryan

 

Bhí Fiona agus Craig i measc 119 printíseach eile de chuid BOOCCC ag an searmanas a chomóradh críochnú 19 printíseacht éagsúil ó chúig earnáil tionscail: innealtóireacht; leictreach ; mótair; tógáil ; fáilteachais agus bia. Bhronn Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis agus Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, an Comhairleoir Joe Conway, a ngradam orthu.

 

Aithníonn na Dámhachtainí Náisiúnta Printíseachta éachtaí na bprintíseach a bhfuil ceithre bliana staidéir déanta acu agus atá anois ag tiomáint caighdeáin ghairme nua ceannaireachta, obair foirne, cruthaitheachta agus réiteach fadhbanna ina n-earnálacha

 

Labhair Príomhfheidhmeannach BOOCCC Eileen Curtis ag an ócáid faoi leathnú deiseanna printíseachta in Éirinn. “Le breis is 72 rogha clár printíseach ar fáil anois trí BOOCCC, agus níos mó ar na bacáin, tá printíseachtaí anois mar rogha do lucht fágála scoile agus foghlaimeoirí níos sine, daoine de gach aois agus cúlra ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach. Is iontach an t-aiseolas a fhaighimid ó fhostóirí maidir le cáilíocht agus tallann na bprintíseach a earcaíonn siad. Tá lúcháir orainn a fheiceáil méadú i líon na bhfostóirí a úsáideann printíseacht mar phíblíne tallainne i gCill Chainnigh agus i gCeatharlach, agus go deimhin ar fud na tíre”, a dúirt sí

 

“Is lá speisialta é seo do na printísigh agus dá dteaghlaigh agus garsprioc thábhachtach ina n-oiliúint agus forbairt scileanna. Is iad na céimithe seo an chéad ghlúin eile d’fhir agus de mhná ceirde oilte a bhfuil an oiread sin éileamh ar scileanna acu ar fud na tíre agus a chuirfidh le fás eacnamaíoch na tíre sna blianta amach romhainn. Tá fás láidir printíseachta ríthábhachtach d’fhorbairt ár réigiún agus ár ngeilleagair”, a dúirt Eileen Curtis.

 

Dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna BOOCCC, Martha Bolger, go leathnóidh BOOCCC a thairiscint phrintíseachta sna míonna amach romhainn agus go gcuirfidh Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh nua áiseanna úrscothach le haghaidh oiliúna printíseachta ar fáil.

 

"Táimid ag súil le saoráidí oiliúna printíseachta nua tiomnaithe nuair a osclaítear Coláiste OO nua Chill Chainnigh. Idir an dá linn, táimid ag leathnú na spásanna oiliúna do Phrintíseachtaí Céim 2 Leictreach agus beimid in ann spásanna oiliúna breise a thairiscint ó dheireadh 2024", ar sí dúirt.

 

Teideal an phríomhíomhá: Príomhfheidhmeannach KCETB Eileen Curtis le Fiona Manning ó Johnswell, Co. Chill Chainnigh atá ar an gcéad printíseach leictreachais baineann a bhain céim amach ó KCETB tar éis ceithre bliana staidéir.

Léim ar ábhar