KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Tugann Enya léiriú den scoth ar The Late Late Toy Show

(27 Samhain, 2023) – Bhí mac léinn de chuid Music Generation Chill Chainnigh mar réalta an Late Late Toy Show Dé hAoine seo caite le léiriú ceoil aonair a deir go leor a ghoid an seó.

 

Bhain Enya Cox (13 bliana d’aois) ó Chaisleán an Chomair gártha molta as an lucht féachana le léiriú iontach de ‘Vampire’ le Olivia Rodrigo mar chríoch deiridh don Late Late Toy Show Dé hAoine a mheall breis agus milliún lucht féachana. Chuir Patrick Kielty, óstach Late Late Show síos ar a léiriú mar “rud éigin an-speisialta”.

Enya Cox ag seinnt ar an Late Late Toy Show

 

Is féidir léiriú Enya a fheiceáil anseo

 

Roimh seó na hAoine, bhí Enya ina mac léinn le Music Generation Chill Chainnigh, ag tabhairt léiriú ag ceolchoirm SINGOUT anuraidh in Ard-Eaglais Naomh Cainneach áit ar chan sí ‘Have yourself a Merry Little Christmas’. Rachaidh Enya ar stáitse in Ard-Eaglais Naomh Cainneach arís ar an 15ú Nollaig do cheolchoirm SINGOUT na bliana seo.

 

Ag labhairt di ar a léiriú ar an Toy Show, dúirt Sinead Blanchfield, Oifigeach Forbartha Music Generation Chill Chainnigh, “Is amhránaí cumasach í Enya. Tá tallann gutha aici, doimhneacht mhothúchánach, agus láithreacht stáitse i ndiaidh a blianta. Níl aon dabht ach gur réalta óg ag teacht chun cinn í agus ní fhéadfaimis a bheith níos bródúil aisti ag Music Generation Chill Chainnigh.”

 

Dúirt máthair Enya, Roisin Cox, go raibh “bród an domhain” uirthi i ndiaidh fheidhmíocht a hiníne.

 

Comhghairdeachas agus gach dea-ghuí Enya ó gach duine ag BOOCCC agus Music Generation Chill Chainnigh – táimid an-bhródúil asat!

 

Teideal na príomhíomhá: Enya Cox ag canadh ag ceolchoirm ‘Sing Out’ Music Generation Chill Chainnigh i mí na Nollag seo caite in Ard-Eaglais Naomh Cainneach, Cathair Chill Chainnigh

Léim ar ábhar