Is scoileanna stáit, comhoideachais, ilshainchreidmheacha iad scoileanna BOO agus tá cúig chroíluach mar bhonn agus thaca acu: feabhas san oideachas; cúram ; comhionannas ; pobal ; meas.
Is iad na BOOanna na soláthraithe oideachais il-sainchreidmhigh is mó in Éirinn agus tá cáil orthu as oideachas cuimsitheach, nuálaíoch, ardcháilíochta a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail ar fad.
Cuireann scoileanna BOO deiseanna comhionanna ar fáil dá gcuid daltaí agus déanann siad a ndícheall oideachas ardchaighdeáin a sholáthar trí thimpeallachtaí foghlama atá measúil, dearfach, tacúil agus freagrúil.
Féach ar Fhíseán Creat na bPátrúin ar Éiteas
Baineann ár scoileanna tairbhe mhór as an raon leathan tacaíochtaí agus seirbhísí a sholáthraíonn BOOCCC.
Soláthraíonn BOOanna tacaí rialachais, oideachais, riaracháin, airgeadais, acmhainní daonna agus teicneolaíochta faisnéise (TF) do scoileanna. Bíonn tionchar díreach aige seo ar na daltaí agus na teaghlaigh a fhreastalaíonn ar na scoileanna seo, toisc go gceadaíonn sé do cheannaireacht scoile díriú ar an bpríomhthasc atá aici teagasc agus foghlaim a threorú, ag cinntiú an caighdeán is airde feabhais. Trína gcláir oideachais aosaigh, is féidir le BOOanna seirbhís luachmhar a sholáthar do thuismitheoirí na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna BOO.
Déanann scoileanna BOO a ndícheall comhdheiseanna a sholáthar do gach mac léinn chun dul i ngleic leis an gcuraclam agus le saol na scoile. I ngach gné de shaol na scoile, caitear go cothrom le gach ball dár bpobal scoile beag beann ar chine, inscne, reiligiún/creideamh, aois, stádas teaghlaigh, stádas sibhialta, ballraíocht den Lucht Siúil, claonadh gnéis, cumas nó stádas socheacnamaíoch.
Soláthraíonn ár scoileanna timpeallacht shábháilte fhisiciúil agus shóisialta a threisíonn braistint muintearas, le pobal na scoile agus leis an tsochaí i gcoitinne. Féachann siad le cur ar chumas gach scoláire a lánacmhainneacht a bhaint amach beag beann ar aon ghné dá bhféiniúlacht nó dá chúlra. Cuireann ár scoileanna oideachas uilechuimsitheach chun cinn a aithníonn iolrachas na féiniúlachtaí, na gcreideamh agus na luachanna atá ag daltaí, ag tuismitheoirí agus ag an bhfoireann.
Fianán | Fad | Cur síos |
---|---|---|
cookielawinfo-ticbox-anailís | 11 mhí | Socraítear an fianán seo ag breiseán Cead Fianán GDPR. Úsáidtear an fianán chun toiliú úsáideora a stóráil le haghaidh na bhfianán sa chatagóir "Anailísíocht". |
cookielawinfo-ticbhosca-feidhmiúil | 11 mhí | Socraítear an fianán le toiliú fianán GDPR chun toiliú an úsáideora a thaifeadadh do na fianáin sa chatagóir "Feidhmiúil". |
cookielawinfo-ticbhosca-riachtanach | 11 mhí | Socraítear an fianán seo ag breiseán Cead Fianán GDPR. Úsáidtear na fianáin chun toiliú úsáideora a stóráil le haghaidh na bhfianán sa chatagóir "Riachtanach". |
cookielawinfo-ticbhosca-eile | 11 mhí | Socraítear an fianán seo ag breiseán Cead Fianán GDPR. Úsáidtear an fianán chun toiliú úsáideora a stóráil le haghaidh na bhfianán sa chatagóir “Eile. |
cookielawinfo-ticbox-feidhmíocht | 11 mhí | Socraítear an fianán seo ag breiseán Cead Fianán GDPR. Úsáidtear an fianán chun toiliú úsáideora a stóráil le haghaidh na bhfianán sa chatagóir "Feidhmíocht". |
amharc_fianán_polasaí | 11 mhí | Socraítear an fianán ag breiseán Cead Fianán GDPR agus úsáidtear é chun a stóráil cibé an bhfuil nó nár thoiligh an t-úsáideoir le húsáid na bhfianán. Ní stórálann sé aon sonraí pearsanta. |