KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Tionscnaimh Oiliúna Áitiúla (LTI)

Scileanna le haghaidh oibre ó KCETB

Conas a bhainfidh do phobal leas as Tionscnamh Oiliúna Áitiúil?

Tá an clár LTI dírithe ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais oiliúna foghlaimeoirí atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch, sóisialta, tíreolaíoch nó oideachasúil, go príomha 18 – 35 bliain d’aois, nach bhfuil cáilíochtaí foirmiúla nó cáilíochtaí meánscoile neamhiomlána acu. Spreagann sé foghlaimeoirí, nach mbainfeadh leas as oiliúint phríomhshrutha murach sin, na scileanna atá acu cheana féin a fhorbairt agus scileanna nua a fhoghlaim i dtimpeallacht atá in oiriúint dá riachtanais aonair ar leith. 

D’fhéadfadh an Dara Soláthraí a fheidhmíonn LTIanna sainthionscadal pobalbhunaithe a shainaithint a chuirfidh ar chumas na bhfoghlaimeoirí, trí chur chuige comhoibríoch leis an BOO, na scileanna riachtanacha a fháil chun tascanna a bhaineann leis an tionscadal a dhéanamh agus a chuirfidh seirbhís úsáideach ar fáil don phobal dá réir. Ligeann an bealach seo d’fhoghlaimeoirí scileanna luachmhara a bhaineann le fostaíocht, eolas agus inniúlacht a fhorbairt agus iad ag tugadh cuidiú don a bpobal féin.

Chun a chinntiú go bhfuil an oiliúint a shainaithnítear ábhartha, ní mór do Dara Sholáthraithe ionchasacha anailís chuimsitheach a dhéanamh ar riachtanais na ndaoine dífhostaithe laistigh dá bpobal, ar na leibhéil dífhostaíochta agus ar an margadh an tsaothair nó ar na deiseanna dul chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar chríochnú na hoiliúna dóibh.

Is féidir leis an gclár tacú le hoiliúint chreidiúnaithe (Leibhéil 3, 4 nó 5 CNC) do raon leathan earnálacha, lena n-áirítear, mar shampla, na cinn seo a leanas: Comhshaol, Ginealas, Oidhreacht, Turasóireacht, na hEalaíona, Cóitseáil Spóirt, Lónadóireacht, TFC, Na Meáin Dhigiteacha.   

Maoiniú Cláir

  • Díolfaidh an Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach costais pá Chomhordaitheoir an Chláir/an Chomhordaitheora Cúnta agus gach costas ceadaithe neamhphá
  • Tá liúntais oiliúna do rannpháirtithe cáilithe.
  • Tá liúntas taistil do rannpháirtithe cáilithe

Íosriachtanais

  • Tá gá le struchtúr neamhbhrabúis atá corpraithe go dlíthiúil chun an LTI a oibriú.
  • Beidh bord stiúrthóirí/iontaobhaithe/oifigigh údaraithe nó baill a ionadaíonn go ginearálta don phobal ag gach Dara Soláthraí.
  • Comhaontú Comhoibrithe críochnaithe.
  • Ceapfaidh an t-eintiteas dlíthiúil coiste bainistíochta nó duine údaraithe a bheidh freagrach as maoirseacht laethúil an LTI.

Próiseas Iarratais

Cuirfidh ár nOifigeach Oiliúna Pobail treoir eolais iomlán ar fáil ar an LTI agus ar an bpróiseas iarratais.

Chun iarratas a dhéanamh déan teagmháil le do thoil

Léim ar ábhar