{"id":25022,"date":"2023-06-21T15:11:47","date_gmt":"2023-06-21T14:11:47","guid":{"rendered":"https:\/\/kcetb.ie\/?p=25022"},"modified":"2023-06-21T16:22:10","modified_gmt":"2023-06-21T15:22:10","slug":"talented-music-generation-carlow-musicians-win-scholarships-to-us-music-camp","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/kcetb.ie\/ga\/talented-music-generation-carlow-musicians-win-scholarships-to-us-music-camp\/","title":{"rendered":"Scol\u00e1ireachta\u00ed buaite ag beirt cheolt\u00f3ir\u00ed cumasacha \u00f3 Generation Ceatharlach chun dul chuig campa ceoil i SAM"},"content":{"rendered":"
T\u00e1 an deis faighte ag beirt cheolt\u00f3ir\u00ed cumasacha a fhreastala\u00edonn ar Music Generation Ceatharlach, ionada\u00edocht a dh\u00e9anamh ar son na h\u00c9ireann ag Campa Ceoil Idirn\u00e1isi\u00fanta mor le r\u00e1 i SAM. Is deis \u00e9 seo nach dtarl\u00f3idh ach uair amh\u00e1in sa saol.<\/p>\n
<\/p>\n
Beidh Kate O\u2019Brien (17), \u00f3 bhaile Cheatharlach, agus Eamonn O\u2019Connor (15), \u00f3 An Tulach, ag taisteal go dt\u00ed Dakota Thuaidh ar 25 Meitheamh chun p\u00e1irt a ghlacadh i gcampa a mhairfidh dh\u00e1 sheachtain. Beidh scol\u00e1ireachta\u00ed ioml\u00e1na acu agus n\u00ed bheidh aon \u00c9ireannaigh eile ar an gcl\u00e1r.<\/p>\n
<\/p>\n
Seineann an bheirt acu an clairin\u00e9ad agus d\u2019fhreastail siad ar Chol\u00e1iste Ceoil Cheatharlach. Is baill iad de BoomBrasstic, ensemble pr\u00e1is, gaothuirlis\u00ed agus cnaguirlis\u00ed de chuid Music Generation<\/p>\n
<\/p>\n
Chuir Gavin Barr, Oifigeach Forbartha Ceoil do Music Generation Ceatharlach, na hiarratais ar scol\u00e1ireachta\u00ed isteach thar ceann Kate agus Eamonn, agus rinne s\u00e9 iarratas freisin ar mhaoini\u00fa \u00f3 Oifig Eala\u00edon Chomhairle Contae Cheatharlach ionas go mbeid\u00eds \u00e1balta freastail ar an gcampa<\/p>\n
<\/p>\n
Bh\u00ed \u00e1thas an domhain air nuair a chuala s\u00e9 gur roghna\u00edodh Kate agus Eamonn don chl\u00e1r \u2013 agus gurb iad na haon \u00c9ireannaigh amh\u00e1in a bheidh ag freastail ar an gCampa Ceoil Idirn\u00e1isi\u00fanta<\/p>\n
<\/p>\n
\u201cT\u00e1 sceitim\u00edn\u00ed ar gach duine i Music Generation Ceatharlach gur roghna\u00edodh Kate agus Eamonn. Bainfidh siad an-sult as an deis seo agus n\u00ed dh\u00e9anfaidh siad dearmad go deo air. Beidh siad \u00e1balta ceol agus cairdeas a dh\u00e9anamh le ceolt\u00f3ir\u00ed cumasacha eile o gach cearn den domhan. Is ionadaithe iontacha iad Kate agus Eamonn do Chontae Ceatharlach agus d\u2019\u00c9irinn. T\u00e1 s\u00fail agam go mbeidh am iontach acu i Dakota Thuaidh agus iad ag d\u00e9anamh ionada\u00edocht don t\u00edr\u201d, a d\u00fairt Gavin Barr.<\/p>\n
<\/p>\n
D\u00fairt Ana Lopes \u00f3 Music Generation Ceatharlach: \u201cBeidh an deis ag Kate agus Eamonn ceol a chasadh i ngr\u00fapa\u00ed m\u00f3ra, i ngr\u00fapa\u00ed beaga agus beidh ranganna duine le duine acu le ceolt\u00f3ir\u00ed gairmi\u00fala. Is iontach an deis foghlama d\u00f3ibh \u00e9 seo.\u201d<\/p>\n
<\/p>\n
D\u00fairt Eileen Curtis, pr\u00edomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oili\u00fana Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC) a oibr\u00edonn Music Generation Ceatharlach, \u201cT\u00e1 l\u00fach\u00e1ir orainn go bhfuil an deis seo faighte ag Kate agus Eamonn dul go dt\u00ed an Campa Ceoil Idirn\u00e1isi\u00fanta seo i Dakota Thuaidh chun tuilleadh forbartha a dh\u00e9anamh ar a scileanna ceoil. Cinnte go nd\u00e9nafaidh siad muintearas don saol le ceolt\u00f3ir\u00ed eile. Gabhaimid bu\u00edochas le Gavin Barr as na hiarratais seo a chur isteach thar ceann Kate agus Eamonn. N\u00ed dh\u00e9anfaidh siad dearmad go deo ar an am seo\u201d.<\/p>\n
<\/p>\n
Is cuid de Music Generation \u00e9 Music Generation Ceatharlach, cl\u00e1r ceoil n\u00e1isi\u00fanta na h\u00c9ireann. Is \u00e9 An L\u00edonra Ceoil a chuir t\u00fas leis agus t\u00e1 s\u00e9 \u00e1 maoini\u00fa ag U2, Cist\u00ed \u00c9ireann, An Roinn Oideachais agus Comhph\u00e1irt\u00edochta\u00ed \u00c1iti\u00faila sa Cheoloideachas. Go h\u00e1iti\u00fail, is \u00e9 BOOCCC at\u00e1 i gceannas ar Music Generation Cill Chainnigh i gcomhar le Comhairle Contae Cheatharlach. Is \u00ed aidhm an chl\u00e1ir n\u00e1 beatha ph\u00e1ist\u00ed agus dhaoine \u00f3ga faoi bhun 18 a athr\u00fa \u00f3 bhonn tr\u00ed rochtain a \u00e9asc\u00fa ar cheoloideachas at\u00e1 ar ardchaighde\u00e1n, ar phraghas r\u00e9as\u00fanta agus at\u00e1 ar f\u00e1il go h\u00e1iti\u00fail.<\/p>\n
<\/p>\n
Teideal: Roimh d\u00f3ibh dul ar an scol\u00e1ireacht cheoil chuig SAM, Kate O\u2019Brien (17), \u00f3 bhaile Cheatharlach (an tr\u00ed\u00fa duine \u00f3n taobh cl\u00e9), agus Eamonn O\u2019Connor (15), as An Tulach (tr\u00ed\u00fa \u00f3n taobh cl\u00e9) le ch\u00e9ile le (cl\u00e9-deas) Sinead Dowling, Oifigeach Eala\u00edon Cheatharlach; Monica O\u2019Connor, m\u00e1thair an cheolt\u00f3ra Eamonn; Aoife O\u2019Brien, m\u00e1thair Kate; Gavin Barr, Oifigeach Forbartha Ceoil do Music Generation Ceatharlach; Majella Swan, Sti\u00farth\u00f3ir Chol\u00e1iste Ceoil Cheatharlach agus Eileen Curtis, Pr\u00edomhfheidhmeannach, Bord Oideachais agus Oili\u00fana Chill Chainnigh agus Cheatharlach. <\/em><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":" (Wed. 21 June, 2023) – Two talented young Music Generation Carlow musicians have been given a once-in-a-lifetime opportunity to represent Ireland at the renowned International Music Camp in the US. Kate O\u2019Brien (17yrs), from Carlow town, and Eamonn O\u2019Connor (15yrs), from Tullow, will travel to North Dakota on 25 June to participate in the… Continue reading Scol\u00e1ireachta\u00ed buaite ag beirt cheolt\u00f3ir\u00ed cumasacha \u00f3 Generation Ceatharlach chun dul chuig campa ceoil i SAM<\/span><\/a><\/p>","protected":false},"author":31,"featured_media":25024,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"yoast_head":"\n